Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-04-07

An Cháisc agus na Lus

Féile Earraigh is ea an Cháisc; féile atá fite fuaite le damhsa na Gréine agus na Gealaí. Ar an Domhnach i ndiaidh an ré lán i ndiaidh cónocht an Earraigh a cheiliúraimid Aiséirí an Tiarna. Ón Eabhrais, tríd an Laidin a thagann an focal Cáisc (< Pascha); Níltear cinnte faoi shanasaíocht "Easter" ná "Ostern" cé go chreidtear nasc a bheith ann le Bandia Gearmánach an Earraigh nó na Camhaoire, ainneoin gan breis eolais faoina leithéid a bheith ann. Baintear feidhm as éirí na Gréine mar siombail d'aiséirí Chríost freisin, gan amhras, agus bhí tráth ann go mbíodh treo an Oirthear tábhachtach i gceiliúradh na Eocairiste agus suíomh eaglaise. 

Cothrom lae mo phósta atá ann amárach freisin, agus músclaíonn na lusanna a bhíonn fairsing an tráth seo den bhliain cuimhní milse ar ár Mí na Meala, an sabhaircín ach go háirithe. Chaith muid seachtain in Iarthar Duibhneach agus bhí an lus seo chuile áit. Bíonn sé fairsing abhus freisin.

Ós ag cíoradh sanasaíochta a bhí mé, ó Quadragesima na Laidin (i. dá fhichead) a thagann Carghas. Ach sa Bhéarla is focal ársa ar Earrach a bhaintear feidhm as, i. Lent. Tá an focal fileata Lenz an sa Ghearmáinis ar Earrach, tagairt san dá fhocal do na laethanta a bheith ag dul i bhfad.

Rud atá, agus ceiliúr na n-éan le clos agam sa chamhaoir na laethanta seo agus mé ag triail ar obair.

Go raibh Cáisc Bheannaithe agaibh ar fad!