Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-08-22

Croiniceoir Mhars

Tuirlingt Bhradbury, Mars
(an áit ar thuirling an árthach Curiosity)
Cóipcheart NASA/JPL.
Táim ag leanacht an árthach Curiosity ar Twitter. D'fhógair siad inniu go raibh siad tar éis an áit inar thuirling siad a ainmniú i onóir Ray Bradbury, a d'éag ar na mallaibh. Inniu cothrom lae a bhreithe.
Ar feadh seal agus mé sna déaga bhíos ag léamh a chuid saothar go craosach. Is cuimhin liom freisin go raibh sraith teilifíse dá shaothar faoi Mhars ar an dteilifís a raibh mé tugtha dó - Croinicí Mhars.
Tá leathdhosaen leabhair dá chuid fós ar mo leabhragán agam; agus fillim orthu ó am go chéile, go háirithe ar a dhistóip Fahrenheit 451.
Bhí samhlaíocht ar leith ag Bradbury, dorcha go minic; ach tairbheach, sílim. Tá na scéalta faoi Mhars lán de shamhlaíocht. Fearacht aon ionradh, gan amhras, bíonn drochthionchar ag teacht na daoine ar na bundúchasaigh. (Na Lócaistí Airgid an teideal a bhí ar an leabhar sula bhfuair lucht scannánaíochta greim air!)
Sraith de scéalta seachas úrscéal atá i gceist cé go bhfuil snáth a nascann na scéalta le chéile. Agus fearacht gach scéal maith, scáthán ar an duine - aonair agus grúpa - atá i gceist; uaisleacht agus ísle an duine, grá agus gruaim, uaigneas agus éad, misneach agus meatacht. Pléann sé go maith ann le ciníochas, mar shampla. Agus leis an misneach a thugann deis do dhaoine a laigí a shárú.
 Baineann sé úsáid thar a bheith samhlaíoch as coincheap an aistriú smaointe: feidhmíonn sin mar chosaint áirithe do na Marsaigh a thagann slán ó frídíní daonna; ach cothaíonn sé eachtraí aisteacha freisin.
Is mór is fiú an saothar seo, agus go deimhin saothair eile Bhradbury a léamh. Tá sé in am agam fhéin biaiste eile Bhradbury a bheith agam!