Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-08-05

Les ordinateurs sont inutiles....

Les ordinateurs sont inutiles, ils nous donnent que les réponses
(Níl aon feidhm ag ríomhairí. Ní thugann siad dúinn ach freagraí)
Pablo Picasso

Comhartha mí-aibíochta ghairmiúil atá ann foclaíocht antrapamorfach a úsáid i léith córas ríomhaireachta.
Comhrá ar Twitter níos luaithe an tseachtain seo a bhronn an chéad nath orm;  tá an dara nath i mo stór le tamall, táim tugtha do mhachnamh Dijkstra ar chúrsaí ríomhaireachta. Tá fírinne i nath Phicasso. Ealaíontóir ab ea é, agus sé gairm an ealaíontóra an saol a fheiceáil mar atá agus é a léiriú don gcuid eile againn!
Uirlis is ea ríomhaire. Ach murab ionann agus uirlisí eile a chuireann le cumhacht ár matáin, uirlis inchinne is ea ríomhaire. Dá bharr sin is minic daoine ag labhairt faoi i dtéarmaí inchinn daonna -  ag caint ar ríomhairí ag "machnamh". Mar a reic Dijkstra sa chaint seo a thug seo do dhream fealsamh, is baolach an botúin seo.
Ní dhéanann ríomhaire machnamh. Ní dhéanann ríomhaire ach próiseáil ar ionchur chun teacht ar aschur ag baint feidhm as algartam. Ach is inchinn daonna - nó níos minice, sraith inchinn daonna - a cheap an algartam seo. Cumhacht an ríomhaire ná go dtig leis an aschur a ríomh ón ionchur go gasta, agus go cruinn - má tá an ríomhchlár ceart, agus má tá an ionchur cruinn agus feiliúnach. Cumhacht úsáideach, a chuireann ar chumas daoine, nach dtuigeann an bhun matamaitic a bhaineann le ceist, fadhbanna atá oiriúnach don ríomh a réiteach go gasta agus go cruinn. Agus ó tharla uirlisí agus algartam chasta forbartha thar na mílte bliain ag inchinní is fearr an chine a bheith ar fáil don ghnáthdhuine ar an modh sin, tá réabhlóid curtha i gcrích de bharr ríomhairí. Leithéidí an ghlacadóir GPS a réitíonn cothromóidí i gceithre anaithnid  (domhanfhaid, domhanleithead, airde agus am)  ag brath ar comharthaí laga ó satailítí i bhfad i gcéin go gasta. Chuige sin, ní mór algartam chasta a ríomh - Trasfhoirm ghasta Fourier agus scagadh Kalman i measc cinn eile. Fiú dá mbeadh sé ar chumas duine na "sumaí" a dhéanamh, bheadh an t-uafás ama i gceist - cinnte ní bheadh ar chumas duine iad a ríomh i "bhfíor am" mar is féidir le ríomhaire a dhéanamh. Ach gan an éirim daonna - meitheal iontach mór daoine, go hiondúil - ní bheadh san glacadóir GPS ach bríce daor!
De bhrí go bhfuil ríomhairí chomh húsáideach sin, tá baol eile ann - an baol úd a léirítear san nath úd "Tairne gach fadhb don duine nach bhfuil aige ach casúr!"
 Mura bhfuil fadhb inréitithe le algartam, agus mura bhfuil ionchuir cruinn ar fáil, ní bheidh aon mhaith i ríomhaire chun é réiteach. 
Mar a dúirt an té a dúirt - "Bruscar isteach, bruscar amach".
Tugann ríomhairí freagraí dúinn mar a dúirt Picasso. Ach daoine a chuireann na ceisteanna. Agus daoine a cheapann an bealach chun an freagra.  Agus de bhrí nach bhfuil daoine gan locht ann, níl bogearra gan locht ann ach oiread! Ach sin scéal eile.