Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-08-29

Splanc samhlaíochta

Ní raibh mé in ann mórán adhmaid a bhaint as úrscéal Liam Mac Cóil, An Dochtúir Áthais, ach thaitin Fontenoy agus An Litir go mór liom. Mar sin nuair a luaigh duine éigin "An Claíomh Solais" ar  Twitter bheartaigh mé ar súil a chaitheamh air agus tráthúil go leor bhí teacht ar tríd an leabharlann.
Bhain mé taitneamh as an scéal seo.
Laoch an scéil, Gaeilgeoir cathrach atá fillte as Londain. Thall, bhí ag éirí go maith leis ag obair san earnáil tráchtála teilifíse. Agus bhí leannán dathúil éirimiúil aige. Ach beartaíonn a chomhghleacaí bogadh ar aghaidh go hearnáil eile, agus tréigean a leannán é ar mhaith lena dul chun cinn mar aisteoir. Géilleann sé féin dá íomhá rómánsúil d'Éireann agus don Ghaeltacht ach go háirithe agus filleann ar Éireann, cuireann faoi sa Ghaeltacht agus déanann iarracht clár teilifíse a fháisceadh as agallamh fada le seanchaí iascaire. Tá "Gael-Teilifís" ag teacht ar an bhfód agus tá sé dóchasach gur féidir leis dul i bhfeidhm orthu chun cúl thabhairt le truflais tráchtála agus dul le rud dúchasach, ealaíonta, daonna mar a fheictear dó é. Ní nach ionadh, níl an eagarthóir ciniciúil a bhfuil sé ag obair leis, ná go deimhin lucht Gael-Teilfís tógtha leis an íomhá seo. Déanann siad iarracht é a mhealladh ina dtreo, de bhrí go n-aithníonn siad a chumas. Ní mian leis féin géilleadh ach ar an lámh eile níl ag éirí leis an clár a mhúnlú mar is mian leis féin. Tagann bean Gaeltachta ina shaol; ach ní haon chuid dá íomhá rómánsúil í; oideachas ollscoile uirthi, tuiscint ar an saol atá bun os cionn lena chuid féin. (Is réalaíche na mná go hiondúil). Tá cúpla casadh deas ina dhán sula dtugtar na téiseanna le chéile chun sintéis a chruthú; fágtar fúinn é an mbeidh rath air.
Bhí an scéal thar a bheith inchreidte, agus mheabhraigh sé clár teilifíse dom ar uairibh sa chaoi gur fíodh na snáithe éagsúla le cheile - léiríonn an údair dúinn cad atá ag tarlú don laoch seachas é rá linn. Na pearsan ann inchreidte freisin. An chaint agus an fhoclaíocht mar a beifeá ag dréim leis ó Mac Cóil, fileata fiúntach feiliúnach!
Bíonn caighdeáin léiriúcháin arda ag Leabhar Breac, ach tá locht amháin agam ar an leabhar. Tá fonn de chuid Wagner ón ceoldráma Siegfried mar cineál leitmotif ag an laoch. Tá an ceol agus focail Gaeilge leis clóbhuailte ar gach leathanach - ach tá an cló chomh beag sin go bhfuil sé geal le bheith doléite. Is trua san.
Ach molaim an leabhar. Is breá liom úrscéal a léiríonn gné eile den saol dom; agus a chuireann ag machnamh mé.

An Claíomh Solais
Liam Mac Cóil
€12.00 (bog), 104 lch; 
ISBN 978-0-898332-02-8