Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-11-01

Capall aonchleasa?

Kevin Scannell
Bhí mé i láthair ag An Roth aréir do léacht an ghaiscígh Idirlín Kevin Scannell I dTreo Ríomhaireachta Lán-Ghaeilge.
Bhí cur amach agam dar ndóigh ar a chuid oibre roimhe seo - is dílseoir de chuid Firefox le Gaeilge agus LibreOffice mé le tamall! Tá ríomhaithne agam air freisin agus cúpla cluiche Scrabble imeartha againn thar an idirlíon! Go deimhin liosta gan áireamh geall leis na tograí a bhfuil Kevin lárnach iontu. 
Rinne sé cuir síos ar chuid den saothar seo ina léacht (tá teacht ar na sleamhnáin anseo)
Bhí go leor de sin ar eolas agam (i measc rudaí eile a bhuí leis an suíomh Nascanna.com)
Ach bhí suim agam in san cuir chuige teicniúil atá aige mar bhunús dá chuid oibre - mhaígh sé gur capall aonchleasa é: go n-úsáideann sé meafar an "Chainéil Torannach" dá chuid oibre. Smaoineamh simplí ach éifeachtach. Má seoltar comhartha tríd cainéil torannach bíonn an comhartha a thagann amach curtha as a riocht agus tá gá le "díchódú" chun an bun-chomhartha a fháil ar ais. Thug sé roinnt samplaí, agus na huirlis atá forbartha aige chun dul i ngleic leis na fadhbanna coitianta atá le leigheas: litreoirgramadóir, caighdéanaitheoir (nó mar a thug sé féin air, an leadránaitheoir) - uirlis chun leagan caighdeánach a dhéanamh as téacs a scríobhadh roimh an Chaighdeán, nó atá canúnach: cabhraíonn leagan dá leithéid leis an ríomhaire obair le téacs.
Tá an obair seo bunaithe ar chuir chuige staitistiúil, bunaithe ar chorpas ollmhór téacs atá cnuasaithe thar na blianta ag Kevin - ón líonra a bhuí le crúbadán, agus le téacsanna eile, ina measc leabhar a bhfuil AOC déanta aige orthu. Bhí tairbhe le baint ansin as scéim aistriúcháin an Gúm; mar go raibh aistriúcháin ar ardchaighdeáin ag scríbhneoirí den scoth ar fáil dó  (ó tharla gur meamraiméis is mó atá ar líne as Gaeilge, nó, go bhfóire Dia orainn, scríbhinní lochtacha mo leithéidí  - a bheadh seacht n-uaire níos measa murach an litreoir!
Tríd is tríd léacht thar a bheith taitneamhach agus fiúntach, agus bhí deis agam dreas comhrá a dhéanamh leis ina dhiaidh. Bhí líonchraoladh ar an oíche - táim ag fiosrú an féidir an físeáin a chuir ar fáil ar líne.