Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-12-28

Cleiteacháin agus Ainmneacha Cleite, athuair.

Chuir Aire Stáit Éireannach Seán McEntee lámh ina bhás fhéin le déanaí. Mar is iondúil i gcás mar é, bíonn daoine ag lorg freagraí. Is cosúil gur ghoill an cáineadh, cuid de maslach agus pearsanta, i ndiaidh an buiséid air. Bhí cuid den trácht seo ar líne, ar leithéidí Facebook agus Twitter.
Ní bhíonn cúis simplí amháin ar bith i mbás dá leithéid.
Dar liomsa, tá ceisteanna tromchúiseacha le freagairt ag an Rialtas: de bharr córas na fuipeanna abhus, tá  an reachtas lagaithe go mór. Déantar na cinntí ag bord an Rialtas. (Ní bhíonn Áirí Stáit páirteach ansin, is mionoifig atá i gceist le hAire Stáit, cúntóir d'Aire.) De bharr móramh mhór páirtithe an Comhrialtais agus an ceangal atá ar baill na bpáirtithe sin vóta a chaitheamh ar son pé cinneadh a tógadh, ní chíortar na ceisteanna i gceart san Oireachtas.  Níos measa fós, is cosúil i mbliana nach raibh ach dream beag Airí Rialtas ag socrú na ciorraithe sa bhuiséid.
Is léir gur bhraith an Teachta McEntee faoi bhrú uafásach - caithfidh sé go raibh baint éigin ag an gcur chuige mí-dhaonlathach lochtach seo leis an mbrú sin. Tá an cur chuige lochtach toisc gur fearr i bhfad an cinneadh a ghlactar má chíortar go leathan na cinntí. Bhí baill an Rialtais seo glórach faoi tré-dhearcacht, plé agus oscailteacht nuair a bhí siad sa Rialtas. M'anam ach ní rófhada a ghlac sé orthu sotal, rúndacht agus bundún a ghlacadh chucu féin mar mhodh oibre!
Anois áfach, tá siad ag gleo faoi "smacht" a chuir ar an Idirlíon, d'fhonn "maslaí" ar líne a chosc. Faraor, agus mar a phlé mé cheana, is féidir leis an dioscúrsa ar líne a bheith sách garbh, maslach gránna. Go háirithe nuair a shíleann daoine go bhfuil siad anaithnid. Ach níl. Má tá rud á rá ar líne atá in aghaidh an dlí, aimseofar an té atá ciontach. Fágtar lorg. Tá an t-eolas ann.
Ach is ar bhonn díláraithe atá an Idirlíon eagraithe, san Iarthar ach go háirithe. Tá streachailt síoraí ann idir lucht gnó, ar mian leo an t-eolas a bhailiú ar mhaithe le brabach, lucht dlí ar mian leo súil a bheith acu ar chách, agus daoine aonair ar mian leo suaimhneas a bheith acu.
Tá amhras orm go mbeidh toradh ar bith ar an ngleo ar fad faoi "smacht" a chuir ar na meáin sóisialta; b'fhearr go mór díriú ar straitéis chun cabhrú le daoine íogair - pé acu polaiteoirí nó daltaí scoile iad, plé go stuama leis an mbrú. Agus oideachas a chuir ar an bpobal i gcoitinne faoi cé chomh soiléir is atá a lorg ar líne! Seans go mbeadh siad níos cúraimí dá bharr!
Agus, gan amhras, bunoideachas ar an idirlíon a chuir ar fáil do lucht polaitíochta. Ba bhreá leis an drong sna meáin traidisiúnta smacht a bheith curtha ar na meáin sóisialta - braitheann siad uatha a gcumhacht mar dhoirseoirí na fírinne, agus an bachall agus cathaoir a bhronn sin orthu.
Ní féidir bosca Phandóra a dhúnadh; agus beidh an maitheas agus an oilc ina orlaí tríd cumarsáid daonna, beag beann ar mheán ná modh.