Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-06-22

Aistir Anama

Ceal L-spáis is ón leabharlann a fuair mé an leabhar Ólann Mo Mhiúil as an nGainséis ar na mallaibh. Ainneoin go bhfuilim ag foilsiú saothar le Gabriel Rosenstock ar Rogha Gabriel agus go bhfuil roinnt saothar (próis den chuid is mó) dá chuid leite agam, ní bhím in ann adhmad a bhaint astu i gcónaí.

Innealtóir mé. Pragmataí. Lonnaithe go daingean sa Chríostaíocht Iartharach - bréidín de réasún na Gréige, urraim don dlí na Róimhe agus dílseacht na nGiúdach.

Fágann caint faoi neamhdéacht, aigne folamh an Zen fuar mé, nó cuireann sé mearbhall orm. Is annamh a rinne mé aon teagmháil le Haiku. (Is dócha nach é tuiscint a bhaint as an rud ceart pé ar bith é, ach is annamh a chorraíonn siad mé in aon chor)

Mar sin, bhí an leabhar seo ar an méar fhada agam le tamall.

Ach bhain mé taitneamh as an saothar seo - ní dialann lom taistil atá ann, ach é breac le smaointe spéisiúla agus a chuid taighde (cultúrtha don gcuid is mó) déanta aige agus roinnte orainn. Haiku thall is abhus - ach comhthéacs ann dó agus iad níos sothuigthe dá bharr domsa.  Sleachta ann freisin as leabhar leis an bhfealsamh Eugen Rosenstock-Huessy a bhí mar lón léitheoireachta aige ar an aistear a thug timpeall na cruinne é; chun na hInde ach freisin chuig Uncail Kurt i Valparaiso.

Bheadh fonn orm é bheith ar mo leabhragán agam, d'fhonn bheith in ann sliocht a leamh anois is arís, de réir mo mhian.

Ólann Mo Mhiúil as an nGainséis.
Gabriel Rosenstock
Cló Iar-Chonnachta 2003
ISBN 1 902420 78 0