Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-06-06

Tumchónaí Gartáin 2013



Bhí an "Tumchonaí" a eagraíonn Gaelphobal i gcomhar le Comhluadar ar siúl ón Aoine go dtí an Domhnach beag seo. Ní raibh ar mo chumas féin taisteal go dtí an Satharn, nuair a d'éirigh mo mhac is sin, m'iníon agus mé féin go fíor luath ar maidin chun an bóthar siar ó thuaidh a thabhairt orainn féin. An a mbus a bhí muid ag taisteal, isteach go lár na cathrach agus ansin go Leitir Ceanainn ar bhus McGinley. Bhailigh Máirtín ansin muid agus thug muid chuig Ionad Eachtraíochta Gartáin. Níor túisce ann muid - thart ar a dó - gur ruaigeadh amach ar an loch muid chun roinnt cadhcála a dhéanamh.
Chuaigh mé amach sa loch i mbád dúbailte le'm iníon - ach thréig sí mé don turas ar ais! Chomh maith leis an aclaíocht bhí cluichí spraíúla i gceist mar is léir ón bhfíseáin thuas! Bíonn an deireadh seachtaine leagtha amach  sách scaoilte agus deis ag na páistí spraoi agus na daoine fásta cabaireacht idir imeachtaí eagraithe fearacht rásanna uibhe! Tá raidhse spás ann freisin ach ó tharla ar aimsir a bheith go breá bhí na páistí amuigh don gcuid is mó - san loch! Ach dá mbeadh an aimsir go holc, bhíothas réitithe chuige le cluichí fearacht peil boird, billéardaí agus araile.
Choinnigh Gina agus roinnt comhghleacaithe bia linn - flúirse agus scoth an bídh, rud nach éasca agus thart ar cúig theaghlach déag ocracha le sásamh! (Agus géaraíonn aer úr goile, táim á rá leat)
Istoíche ansin bhí  tráth na gceist ann agus ansin céilí mór. Faraor bhí mé fhéin scriosta ag an lá fhada agus is ó mo leaba a chuala mé giotaí den chraic a bhí acu siúd a rinne oíche go maidin de!
 Bhí na páistí thar a bheith sásta maidin Domhnaigh nuair a tháinig na caisleáin preabacha! Bhí Aifreann as Gaeilge i dteach na mbáid ina dhiaidh sin dóibh siúd arbh mian leo é. Ansin faraor bhí sé in am an bóthar a bhuaileadh (Ní deireadh seachtaine fada a bhí i gceist sna sé contae)
Bhí sé go deas buaileadh le sean chairde is cairde nua, agus is iontach an deis atá ina leithéidí  do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus nach mbíonn an deis acu freastal ar imeachtaí níos faide, an saoire Gaeltachta ag Comhluadar, mar shampla.
Gura fada buan lucht a eagraithe!