Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-08-11

Mórchuaird Chnoic Bhréanainn

Tá sé de nós agam, beagnach gach bliain, Cnoc Bréanainn a dhreapadh. I mbliana, bhí mo mhac is sine liom, agus rinne muid siúlóid ciorclach ag tosú ón dteach sa Bhaile Breac. Siúl muid siar faoi bhun an chnoic i dtosach, ar bhóthair glas i dtosach ansin ar ghnáth-bhóthair, ón mBaile Breac, thar Cathair na bhFionnúrach (scéal do lá eile) chomh fada le Baile na hAbha, in aice le Cuas an Bhodaigh. (Is iomaí Baile na hAbha ann thiar!).  
Bhí lusra flúirseach ar an gcuid seo den siúlóid, agus ós rud é go raibh leabhar Nicholas Williams - Díolaim Luibheanna - i measc mo charn leabhair, tá's agam go raibh Airgead Luachra i measc an fásra a bhí ag fágáil boladh cumhra ar an aer. Bhí scéal ann gurbh as a rinne Cú Chulainn a chrios, agus sin an t-ainm atá ag Gaeil Albain go dtí an lá atá inniu ann. (Luaitear anseo gurbh folcadh ann a leigheas é, ní raibh an scéal sin ag Williams). Luibh leigheas atá ann, as is as a thagann an aigéad a rinneadh aithris air in Aspirin. Beidh mé ag léamh leabhar Nicholas go ceann tamaill, sílim - is fearr liom ficsean ach tá spéis agam i luibheanna agus a scéalta!
Bhí muid anois ar chuid de Shlí Corca Dhuibhne  a thrasnaíonn mám idir  Más an Tiompáin agus Piaras Mór anseo ar an slí go Clochán Bhréanainn. Tá an chuid seo den siúlóid sách géar, agus bhí cúpla múr throm báistí ann. Lean muid an slí marcáilte chomh fada leis an nGallán atá sa mhám. Uaidh sin, shiúil muid suas droim na sléibhte chomh fada le barr Chnoic Bhréanainn. Tá claí, nó ar a laghad na cuaillí ann an slí ar fad, sa dtreo is gur beag deacracht atá ann an bealach a leanacht go sábháilte ainneoin go raibh muid sna scamaill cuid maith den am.
Anois is arís ghlan an radharc áfach agus chonaic muid na locha Paternoster ar an taobh ó thuaidh, nó bhí radharc againn ar Inis Tuaiscirt agus Tiaracht ó dheas. Bhí radharc againn freisin ar Coimín na gCnámh.
Bhain muid an barr amach gan aon ró dhua, cé go raibh cosa fliucha agam. Uaidh sin, d'fhill muid anuas Cosán na Naomh agus ar ais go dtí an Baile Breac. (Tá Bealach na Croise & cuaillí bána ar an cosán úd, mar sin, ní bhíonn deacracht i gceist leis an loingseoireacht ansiúd ach oiread.) Siúlóid tairbheach, taitneamhach, a thóg thart ar cúig uaire orainn.