Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-08-07

Tá aoibhneas ar an óinmhid seo!

Bhí mé i mo léitheoir dílis de chuid altanna Philip Cummings i Lá Nua, agus tá an leabhar a d'eascair astu - Dar Liom - ina chuid luachmhar de mo chnuasach leabhair. Ach ní léitheoir filíochta comhaimseartha mé, dáiríre, mar sin ní raibh aon chuid eile dá shaothar i mo chnuasach agam.

Ach is maith liom treánna agus burdúin; agus is iadsan a mheall mé chun an leabhar seo a iarraidh.

Agus is mé atá sásta anois - mar bhain mé ana thaitneamh as na rannóga ar fad san leabhair - ní hamháin na tréanna.

Sa bhreis ar sin, tá cúpla giorria spéisiúil múscailte ag mo léamh agus ag léann Philip.

Mar shampla, tagairt do colafan na Tána i Leabhar Laighean is ea an teideal - chun aoibhneas na n-óinmhid.
Le téamaí ón Táin a phléann an chéad roinn sa leabhar - ach a ghutha sainiúil féin bronnta ag Philip ar na carachtar.
Mar shampla, na focail seo a chuireann sé i mbéal nuachar fadfhulangach Con Chulainn, Emer:
Ná mná sin - striapacha - iadsan a roghnaigh eisean,
mise an t-aon bhean a roghnaigh sé
Tagairt ann freisin do shaothar Dennis: go deimhin tá corr rud thar  a bheith spéisiúil ina chuid fonótaí!

A léamh ar chúrsaí an Tiomna Nua atá sa rannóg Spiorad Naomha. Arís imríonn sé a bhua chun féachaint ó phointe nua ar cheist a bhfuil sean eolas againn - nó an bhfuil? Ní chuirfidh sé ionadh oraibh gan mé bheith ar aon fhocal leis faoin cheist ach tá lón marana ina dhearcadh.  

"Aoir n Now" is ainm don rannóg deiridh sa leabhar agus dánta ilchineálacha gaoise ann - ina measc Dán dóibh siúd a thuileann é atá scríofa "i ndiaidh Taja Kramberger" rud a chuir ag tóraíocht go rathúil mé - tá a leagan sise le fáil anseo:
Dán dóibh siúd  a thuigeann
dá dtiocfadh liom gan filíocht a scríobh
go ndéanfainn amhlaidh
Idir na rannóga seo tá cnuasaigh de threánna úrnua gaoiseacha spéisiúil, ina nochtann Philip an saeva indignatio is dual dó.

Trí bhac ar obair Dé
  easpa crógachta
  easpa umhlaíochta
  easpag

Ach gaois freisin:
Trí S a thugann dearcadh nua: 
  sliabh; 
  sneachta; 
  sliocht.
Agus draíocht:
Trí fhocal lán draíochta
  mo
  chéad
  rothar

Ní bheidh an leabhar seo ró fhada uaim go gceann tamaill eile - tá adhmad fós le baint as é a athléamh agus a dhíleá. 

ad delectationem stultorum
Bog / Paperback
Philip Cummings
Coiscéim 2012
€10