Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-11-17

Ceolfhoireann Cuimhne an Chláir

Ghnóthaigh mo mhac, atá ina ábhar píobaire printíseacht leis an Clare Memory Orchestra,  agus mar sin bhí muid in Inis seachtain ón Aoine seo chaite don gceolchoirm san Ionad Glór. De réir mo thuiscint, an choincheap atá ann ná ceolfhoireann a sheinneann ar nós na gceoltóirí traidisiúnta - ag foghlaim ó chluas, agus ag seinm ón gcuimhne. Mar sin féin is ceol níos saibhre a bhíonn is gceist ná mar a bhíonn le ceol traidisiúnta de ghnáth, níos mó guthanna agus ceol ar leith do gach rannán le hais an ghnáthnós, gur ag seinm thart ar aon fhonn a bhíonn na ceoltóirí - gach oirfideach ag cur ornáidíocht dá chuid féin leis de réir a chumas agus a ghléas.

Bhí oirfidigh ó chúlra clasaiceach  ag seinm chomh maith leis na ceoltóirí traidisiúnta. Roinn Dave Flynn mar shampla lucht na téada, ag idirdhealú idir "veidhlín" ⁊ "fidil". Bhí uirlisí neamhghnácha ann le hais fidil, píob uillinn agus bosca ceoil. Vióla, dord nó tiompanna, abair.

Sa chéad leath den ceolchoirm bhí na ceoltóirí gairmiúla ag seinm le chéile.

B'é an dara leath áfach an buaicphointe, seachtó ceoltóir ar fad le grúpaí téada,  gaoithe agus cnag.

Bhí scata acu ar an stáitse - ach tháinig dhá cholún isteach tríd an lucht fhéachana. Bhí Carnyx ag ceann feadhna dream acu, agus Stoc ón Iarannaois ag an gceann eile. Bhí cúpla adharc ón Umha aois acu freisin.

Bhí píosa ceoil cumtha don ócáid ag Dave Flynn, comóradh ar chontae an chláir - sraith ina raibh trí mhír don Clár Thoir, Thuaidh agus Thiar. Tá an ghráin agam ar nótaí cláir - creidim gur cheart do saothar ealaíona seasamh as féin gan mínithe, mar sin níor chaith mé ag sracfhéachaint ar na nótaí  - a bhí cumtha i bhfoirm rím aige.

Is cinnte áfach gur líon siad an ionad le farraige láidir ceol ina raibh goltraí, geantraí agus suantraí fite ina bhrat chumhachtach ceoil. Léim splanc an spleodair ón an ceoltóirí chomh fada leis an lucht féachana - ba iontach an fuinneamh a bhí sna ceoltóirí, idir daltaí (chomh hóg le 13 cuid acu) agus oidí, agus saoithe fearacht Martin Hayes agus Mick O'Brien ina measc. Ba mhór an spóirt freisin an stiúrthóir Bjorn Bantock a bhí ag rince, geal leis, agus é ag mealladh an fuinneamh as na ceoltóirí, feidhm á bhaint aige as a cholainn iomlán chun sin a dhéanamh.

Tá súil agam go n-éiríonn leo an coincheap a fhorbairt, an pósadh idir traidisiúin na hÉireann, agus an traidisiún clasaiceach. 'Sé  Carnegie Hall sprioc Dave Flynn, pé scéal é!