Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-11-04

Léamha próis Chló Iar-Chonnachta agus bronnadh duaiseanna

Déardaoin, 7 Samhain, 2013

Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath

Ag 7.00pm bronnfar duaiseanna i gComórtas Gearrscéalta Liam Mhic Uistín

agus

ag 7.30pm beidh léamha próis ó na scríbhneoirí seo a leanas:

Mícheál Ó Ruairc, Anna Heussaff, Alan Titley

Fear an Tí: Micheál Ó Conghaile

Cead isteach saor in aisce

 Anna Heussaff

Is úrscéalaí í Anna Heussaff a scríobhann do léitheoirí fásta agus óga araon. Is úrscéalta bleachtaireachta do léitheoirí fásta iad Bás Tobann (Cois Life 2004) agus Buille Marfach (CIC 2010), agus iad suite i mBéarra ar chósta an iardheiscirt; is úrscéalta mistéire do léitheoirí óga in aois 10-14 bliana iad Vortex (Cois Life 2006) agus Hóng (CIC 2012), ina bhfuil cluichí scáileáin fite le heachtraí an scéil; agus is úrscéal grá comhaimseartha d’fhoghlaimeoirí fásta é Cúpla Focal (Cois Life 2007). Bronnadh mórdhuais Oireachtais ar gach úrscéal díobh; agus bronnadh duais Children’s Books Ireland, Gradam Speisialta na Moltóirí, ar Hóng sa bhliain 2013.

Mícheál Ó Ruairc

Rugadh Mícheál Ó Ruairc i mBréanainn sa Leitriúch i gCiarraí. Tá idir fhilíocht, ghearrscéalta agus phrós foilsithe aige le cúig bliana fichead anuas. I measc an tsaothair atá i gcló tá Fuil Samhraidh, dánta, (Coiscéim, 1987); Dán is Céad ón Leitriúch, cnuasach dánta óna cheantar dúchais, (Coiscéim, 1998); An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane?, úrscéal do dhéagóirí, (Coiscéim, 2003); Daoine a Itheann Daoine, cnuasach gearrscéalta (Cló Iar-Chonnacht, 2010) agus Fianaise, scéinséir, (LeabhairComhar, 2012).

Alan Titley

Tá idir úrscéalta, ghearrscéalta, fhabhalscéalta, dhrámaí, scripteanna teilifíse, scoláireacht, agus go fiú filíocht, scríofa ag Alan Titley. Bhí sé tamall fada ina Cheann ar Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá ina Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Scríobhann sé colún seachtainiúil ar chúrsaí reatha agus cultúir don Irish Times.