Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-12-09

An Cruastóir & An Mhéar Fhada

Ní minic go léim drámaí, ach bhí fonn orm, nuair a chonaic mé sa leabharlann an leabhar seo, blaiseadh de shaothar Johnny Chóil Mhaidhc arís. Dhá dhráma lán de ghreann créúil. San Cruastóir (n -> r Chonamara arís!) tá seanfhear sprionlaithe i mbéal an bháis agus súil santach ag an chléir agus ag a ghiolla ar a stór. Casadh iontach in eireaball an dráma, a mhúineann ceachta nach miste faoi chraos, agus dílseacht clainne.
Drúis, deoch agus díomhaointeas sa dara dhráma, agus comhrá grinn den scoth ann.
Ní fhaca mé riamh aon chuid de shaothar Johnny Chóil Mhaidhc ar stáitse, mór an trua - agus ní fhaca mé ach giotaí beaga ar líne nó ar an teilifís. Bheadh fonn orm níos mó a fheiceáil mar is léir ó na drámaí seo go raibh cluas agus intinn ghéar aige, agus é in ann caint chréúil, chruinn, cuanna a chuir ar dhrámaí an ghnáthshaoil.




An Cruastóir & An Mhéar Fhada
Johnny Chóil Mhaidhc
Tagairt: ISBN 1 874700 09 5