Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-02-27

Bánú na Tuaithe, Bánú na Gaeilge

Ag labhairt le Adhmhaidin i ndiaidh na hagóide leag Seosamh Ó Cuaig nach rachadh feachtas a bhí teoranta do chearta teanga i bhfeidhm ar phobal na Gaeltachta. Tá pointe gaolmhar á dhéanamh in Eagarfhocal Goitse.
Tá ceist na Gaeilge agus seirbhísí i nGaeilge iontach tábhachtach ach, muna bhfuil pobal beo beithíoch againn le úsáid a bhaint as na seirbhísí sin, beidh deireadh leis an Ghaeltacht.
Más rud é gur cuireadh tús le troid ar son na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo a chuaigh thart, ná bíodh an troid sin cúng. Ná bímis sáinnithe i gcoirnéal beag amháin.
Pobal iargúlta tuaithe pobal na Gaeltachta - sin cuid den chúis go bhfuil Gaeltacht againn in aon chor, mar gurbh fhéidir leis an pobal sin leanadh ar aghaidh ag maireachtáil ar iascach agus feirmeoireacht ó lámh go béal - Ag coraíocht leis an gcarraig lom. 
Ní shin le rá go raibh pobal bheag ann mar atá anois. Bord na gCeantar Cúng a bhí i réim sna ceantair a raibh Gaeltacht ann roimh teacht ann don stáit - agus rinne siad tréan iarracht cuir le maoin na ndaoine. Tá cuid den na céanna agus droichid a thóg siad fós luachmhar do phobal na Gaeltachta!
Sa lá atá inniu ann, feirmeoireacht, turasóireacht agus iascach fós na tionscail sa Ghaeltacht - sin agus roinnt monarchan le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
Ach tá an iascach faoi bhrú de bharr easpa iasc. Tá an fheirmeoireacht faoi bhrú ó chostais agus cúinsí eile. Biaiste fíor ghairid atá ann don dturasóireacht traidisiúnta atá bunaithe ar áilleacht na tíre.

Is fada an long ag dul anonn agus an Gaeltacht á bhánú ag imirce. Bhí pobal na Gaeltachta ag sluaisteáil cré abhus ar feadh tamaill le linn an tíogar Ceilteach, ach thit an tóin as sin go tubaisteach agus is ar an mbád nó an eitleán bán atá muintir na Gaeltachta ag tabhairt a n-aghaidh arís.

Sa mhullach ar sin, tá daoine óige sa Ghaeltacht ag fáil oideachas maith anois agus poist dá réir dlite dóibh. Is annamh - lasmuigh de na meáin agus Conamara 4 - poist mar sin ar fáil sa Ghaeltacht. Tá na meáin féin ag streachailt le ganntanas maoinithe, agus ag deireadh na feide mura bhfuil pobal le Gaeilge ann ní bheidh aon ghá le meáin Gaeilge!
Ach ní léir domsa go bhfuil straitéis ag an Rialtas le dul i ngleic le bánú na tuaithe. Go deimhin, shilfeá scaití gur a mhalairt glan atá ar bun. Tá na Gardaí á aistarraingt go dtí na bailte. Tá scoileanna beaga faoi bhrú ag treoir na Roinne Oideachais maidir le líon scoláirí atá riachtanach d'oide. Tá eagraíocht na scoileanna Gaeltachta dí-mhaoinithe ag an Roinn Gaeltachta. Tá an Roinn Coimirce Sóisialaigh ag aistarraingt feidhmeannaigh go bailte móra. Tá na hoifigí poist bheaga á ndúnadh.
Tá faillí leanúnach á dhéanamh ar bhonneagar na tuaithe. Éisteoir dílis de chuid Raidió na Gaeltachta mise,  mar sin cloisim an easpa dul chun cinn maidir le bóithre agus córais séarachais, agus teileachumarsáide -  cinntí atá dá thógáil (nó, le bheith cruinn) i bhfad i gcéin in oifigí i mBaile Átha Cliath.
Sa mhullach ar sin tá ceist achrannach an chaomhnú timpeallachta. Táim ar son caomhnú na timpeallachta. Ach shilfeá scaití nach gcuirtear daoine san áireamh in aon chor ach mar chineál truailliú nó fadhb a chaithfear díothú.
Sin dearcadh aineolach uirbeach dar liom. Is léir d'éinne a théann ag siúl gur múnlaithe ag daoine atá gach fód in Éirinn. Tá ballaí cloiche ag dul suas go barr Corrán Tuathail. Bhíodh ocht milliún daoine ag cur fúthu anseo roimh an nGorta agus scaipthe thart fud na tíre a bhí siad, ní istigh ar mhullach a chéile laistigh de chrios an M50 mar atá anois.
Go deimhin tá sé seo aitheanta fiú ag lucht caomhnaithe i gcás an Bhoireann áit a bhfuil feirmeoireacht mar chuid den mbainistíocht ar an dtaobh tíre uathúil ann - mar gurbh iníor eallaigh a mhúnlaigh é!

Bhí dream amháin le fógra ag cáineadh an Eoraip as na polasaithe caomhnaithe seo ag agóid Slán le Seán. Creidim go bhfuil dul amú orthu. Tagann treoirlínte ón Eoraip, cinnte - ach is abhus a tógtar na cinntí.

Éiríonn le tíortha eile saol tuaithe a spreagadh. Teipeann orainn anseo, áit a tógtar mórán gach cinneadh in oifig i mBaile Átha Cliath. Is chun aimhleasa na tíre trí chéile, agus na Gaeltachta ach go háirithe an staid sin.

Níl aon chúis, ach bonneagar fiúntach a bheith ann ó thaobh bóithre agus teileachumarsáide, nach bhfeadfadh teaghlaigh óga fanacht agus Gaeltachtaí bríomhara a chruthú - iad ag obair ón mbaile, ó oifigí beaga nó ag taisteal anois is arís go dtí na bailte. (oibríonn mo bhean féin ón mbaile seachas lá sa tseachtain, chaith mé féin tréimhsí á dhéanamh) D'fhágfadh sin go mbeadh daoine óga sa phobal chun na scoileanna a choimeád ag dul, agus leanfadh seirbhísí eile sin.

Chuige sin níor mór fíor dílárú cumhachta a bheith san tír. Tá ceannaire pobail sa Ghaeltacht ag obair ar sin. Tacaím leo, agus creidim gur cheart do Ghluaiseacht na Gaeilge trí chéile tacaíocht lena n-iarrachtaí chun bonn láidir a chuir faoi phobal na Gaeltachta. Chun ár leas uilig sin.

Sin mo racht go n-uige seo. Agus níl ach baint thánaisteach aige leis an gceist go bhfuil sé le rá agam go raibh pionta agam le Pádraigín a' Táilliúra  agus mé thiar!