Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-02-22

Fuaim, fís agus filíocht

D'fhreastail mé ar ócáid eile den scoth eagraithe ag Liam Carson agus IMRAM aréir. Mar chuid de chomhdháil ar Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain cuireadh blaiseadh ar fáil de trí chinn de Thionscadail IMRAM. Léigh Liam Ó Muirthile roinnt dá aistriúcháin ar Rimbaud. Léigh Ailbhe Ní Ghearrbhuigh a dánta a cumadh do BAILE OÍCHE. Agus léigh Gabriel Rosenstock samplaí dá leaganacha de de Haiku Jack Kerouac agus ansin a dhán Góstaí Jack Kerouac.
Ach mar thionlacan leis na léamha bhí filíocht físe Margaret Lonergan agus ceol a chum agus a sheinn Enda Reilly don ócáid - éacht ós rud é nach bhfuair sé ach fógra cúpla lá! Ag seinm a ghiotár a bhí sé le cuidiú ó roinnt cleasaíocht leictreonach - an chineál ruda ar thug Colm Mac Con Iomaire an Recession Quartet air ag Imbolc anuraidh!
Is buanchuid de na Tionscadal na híomhánna teilgthe a chuireann Margaret Lonergan ar fáil mar léiriú ar an bhfilíocht. Bhí deis aici agus an Enda a réimse scileanna a chuir i láthair mar go raibh éagsúlachtaí ana mhór san ábhar. Léigh Liam a leaganacha áille, ag brúchtadh le híomhánna de shaothar Rimbaud, an dán Aube abair agus bhí díreach na híomhánna cearta roghnaithe ag Margaret.
I gcás "Baile Oíche" is amhlaidh a tháinig na híomhánna roimh na dánta - chuir Liam pictiúr de Bhaile Átha Cliath istoíche faoi bhráid roinnt filí agus d'iarr dánta orthu. Bhí dornán dánta taitneamhacha, greannmhara ag Ailbhe dúinn. Spreag pictiúr de mhainicín i siopa éadach cnis scéal dán fíor ghreannmhar faoi Ghaeilgeoir deireadh Bhaile Átha Cliath - Bé aimsire de chuid TG4 a d'éalaigh ón ár a d'imir Rights for Anglophones ar an gcuid eile againn agus a bhí anois caomhnaithe in iarsmalann....
Filíocht uirbeach, freacnairceach, greannmhar, spraíúil.
Lean dánta bithbhuana ó Gabriel. Tá meas haijin - máistir Haiku - ar Jack Kerouac, (mar atá sílim ar Gabriel féin), duine atá in inmhe an bomaite tabhairt faoi deara a cheapadh i bhfoirm haiku. Léigh sé sampla de dhánta Kerouac a d'aistrigh sé. Ansin léigh sé a dhán fhéin, dán faoi na tionchair ar Kerouac. Nós a bhí aige nuair a chonaic an tionscadal iomlán, lean sé de anseo - i. léamh ón lucht féachana seachas ón gcrannóg, sa chaoi is gur guth amháin a bhí i dtreis, gan radharc ar an léitheoir. Éifeachtach.
Bhí gnó eile le déanamh ar an Oíche, i. leabhar (arís eile!) de chuid Gabriel a sheoladh. Is ar chrann Alan Titley a thit sé (d'fhógair Liam go raibh sé chun caint *gairid* a thabhairt, a bhéim siúd). Thug sé, mar is dual dó, ana phíosa cainte faoi Ghabriel agus na haiku. Leabhar teagasc de chineal an leabahr seo - dírithe ar dhaoine óga chun ealaíon an Haiku a mhíniú dóibh san bealach is éifeachtaí - samplaí ó Issa, trácht ar na gnáis agus na nósanna. Chuir Alan deireadh lena chaint le haiku dá chuid féin - níl mé cinnte ar thug mé slán liom é ach b'é seo a éirim:
bior géar focail
dealg gaoise
stoc an róis

Tour de Force eile ó IMRAM agus na Filí, idir focail físe agus sreanga!

2014-02-27 Aguisín: Fuair mé an bunleagan uaidh Alan:
Bior ar fhocail
Dearg ghéar gaoise
Rós an Stoic