Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-02-16

Imbolc 2014, Inspioráid na Bliana

Buan-chuid d'fhéilire na bliana anois agam freastal ar Imbolc i mBaile Bhúirne.
Sin a thug siar ó dheas mé féin agus roinnt daoine eile seachtain ón Aoine seo chaite. Tá an formaid ag socrú síos go deas anois - ceolchoirm ag duine de na haoichainteoirí ar oíche Aoine, na cainteanna ar an Satharn go dtí thart ar a cúig, ansin béile leis an haíonna Oíche Satharn sa Mhuileann ag a bhfuil fáilte roimh aon bhall de lucht éisteachta freastal air. idir na míreanna oifigiúla deiseanna iomadúla comhrá ar mhaith leis an méid a chualamar a scagadh agus a dhoimhniú. Tá sé de nós ag cuid againn cuir leis an eispéireas cultúrtha tríd freastal ar an Aifreann i gCúl Aodha - is minic a bhíonn Cór Chúl Aodha ina n-iomláine ann.

Ní raibh díomá orm in aon chor i mbliana. Gan amhras, ní dócha go mbeadh sé roghnaithe agam as mo stuaim féin freastal ar cheol choirm de chuid Julie Feeney - agus bhí sé suntasach go raibh cúigear ban in aghaidh gach fir sa lucht éisteachta agus an Ionad Cultúrtha plódaithe. Bhí slua maith ann do na cainteanna - leanfaidh mé le mo nós léirmheas a dhéanamh ar gach caint faoi seach amach anseo.  Ba léir go ndearna Tomás agus Bernice iarracht ar leith mná éirimiúla a mhealladh chun cainte i mbliana, agus d'éirigh go seoigh leo.

Go hiondúil bíonn deis siúl thart sa bhaile chomh maith. Ainneoin na doininne spreag Michal agus Ivana mé le dul amach ag siúl, agus cé gur fliuchadh go craiceann mé táim sásta gur shiúl mé siúlóid na Cille leo.

Chuir sé faobhar ar mo ghoile don sár béile a chuir muintir an Mhuileann romhainn, proinn a raibh comhrá éirimiúil mar  anlann leis - go háirithe agus mé suite idir Biddy Jenkinson agus Victoria White!

Beidh na tuairiscí ag teacht uaim anois diaidh ar ndiaidh ach eagar a bheith curtha agam ar na smaointe a spreag siad.