Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-02-19

Imbolc 2014: Julie Feeney: Cantaire claochlaitheach


B'í Julie Feeney a thug ceolchoirm Imbolc i mbliana. Do mo leithéidí a bhfuil toighis ar leith - ceoil aige is cineál crannchur an cheolchoirm, mar nach dócha go rachainn ann murach é bheith mar chuid d'Imbolc - is maith liom an deis bualadh le daoine roimh na Comhdhála, ag an gCeolchoirm san Ionad Cultúrtha, nó ina dhiaidh sa Mhuileann.
Níl a fhios agam go baileach cén cur síos is feiliúnaí ar cheol Julie Feeney. Tá an lipéid "Art-Pop" feicthe agam ar a ceol. Rud amháin atá cinnte, is taibhiú seachas canadh a bhí ar bun aici. B'é a guth an príomhuirlis, agus réimse dochreidte aici leis. Sheinn sí ar an bpianó agus ar an méarchlár, agus bhí tionlacan ó Chormac de Barra ar an gcláirseach freisin.
Ach chuir a feisteas  - gúna cuanna uaithne, ceannbheart dá déantús féin, agus bróga stiletto - go mór lena teacht i láthair. 
B'é áfach á guth a chuaigh i bhfeidhm orm, réimse dochreidte leathan aici agus réimse láidir - n'fheadar cén cur síos is cruinne air - fuaimeanna, is dócha, mar ní taobh le briathra amháin a bhí sí.
Seachas amháin saothar amháin as Albain ag an deireadh, is a scéal-amhráin féin scríofa agus cumtha a chan sí.
Scéalta óna sinsir féin, fir agus mná láidre spleodracha Gaillimhe a bhí á reic. Bhí na scéalta iad féin spéisiúil, agus am cur i láthair iontach.
Bhain léiriú amháin le béadán is scéalta is do bhí sí ag rince suas céimeanna an Ionad Cultúrtha le caint le daoine aonair san lucht féachana, mar dheá. Sé'n chaoi is go raibh mo chroí i'm bhéal, mé cinnte go mbainfí tuisle as na stiletti!
Tríd síos bhí an lucht féachana á tharraingt isteach aici sa cheol, muid curtha ag canadh nó ag bualadh bos go rithimeach.  (Níl guth ná rithim agamsa, caithfidh mé admháil gur staon mé!)
Rud amháin a thug mé faoi deara faoin lucht féachana, go raibh cúigear ban in aghaidh gach fir ann! 

B'í Julie freisin a chur clabhsúr le cainteanna Imbolc an lá dar gcionn, ag cur lenár n-eolas faoi chúlra a cuid ealaíona agus amhránaíochta, agus foinsí a spreagtha.

Cé go bhfuil Gaeilge mhaith aici, bhí a cuid smaointe spleodracha ag rith uaithi agus is caint cineáil  macarónach a thug sí! Glacann sé an mhisneach seasamh ós comhair slua de chainteoirí líofa agus diongbháilte Gaeilge agus tréan iarracht mar a rinne sí a dhéanamh. Treise léi!