Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-05-03

IMRAM ag Féile Scríbhneoirí Átha Cliath

CEOL AGUS FILÍOCHT GO MAIDIN

Móroiche ceoil is filíochta


Anocht cuirfidh IMRAM mórléiriú filíochta agus ceoil ar fáil, cuid den tallann úr ó ghort síorbhláfar na Gaeilge! Tá cur chuige éadrom fuinniúil ag an ngrúpa spleodrach MO HAT MO GHEANSAÍ agus dalbacht pop sa chur i láthair aige cé go dtarraingíonn sé as foinsí traidisiúnta agus clasaiceacha araon. Tá a chéad bhailiúchán díreach eisithe ag Marcus Mac Conghail, file abgus amhránaí. Ceol Baile is teideal dó. Tá leochaileacht mhealltach i ndéantús an fhile Doireann Ní Ghriofa, croí leochaileach ag cuimilt leis an ngnáthshaol agus déanfar comóradh ar shaothar nua an fhile óig seo anocht. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis an bhfile rap Séamus Barra Ó Súilleabháin. Tá cáil dhomhanda ar Bhiddy Jenkinson ar ndóigh, na dánta léi ar maos le paisean is le greann. Leabhar nuafhoilsithe le Áine Ní Ghlinn is ea An Guth Baineann a bhfuil an-chaint cheana mar gheall air. Is é Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM, coimeádaí an tionscadail áirithe seo.

Domhnach 18 Bealtaine 8 pm
Smock Alley Theatre (Boys School)
Ticéid 8€/10€

DÍOLTAS NA CUIMHNE: TIONSCADAL MARINA TSVETAEVA


Ba i Ré Airgid litríocht na Rúise a bhláthaigh Marina Tsvetaeva (!922-1941).Le linn Réabhlóid na Rúise a mhair sí agus a scríobh sí agus ina dhiaidh sin le linn Ghorta Mhoscó, an gorta ba thrúig bháis dá hiníon, Irina. Chuaigh sí féin agus a fear céile Sergei Efron ar deoraíocht agus nuair a d'fhill siad ar an Aontas Sóivéadach, cuireadh tréas i leith Sergei agus cuireadh chun báis é; cuireadh a n-iníon Alya chuig campa oibre éigeantais. Sa bhliain 1941 agus arm na Gearmáine ag réabadh rompu sa Rúis, chroch sí í féin.

Tá paisean fíochmhar go smior ina cuid filíochta agus patrúin cheoil phreabarnacha. Léifidh Elaine Feinstein, duine de na sáraistritheoirí atá aici, leaganacha Béarla anocht agus cloisfear leaganacha Gaeilge ón Duibhneach dílis, Dairena Ní Chinnéide, draoithe ceoil á dtionclacan, Steve Cooney (giotár), Seán Mac Erlaine (sacsafón, cláirnéid,leictreonaic) móide íomhánna is grianghraif chartlainne ar scáilean le Margaret Lonergan a bhainfidh an anáil dínn. Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, coiméadaí an tionscadail seo.


Aoine 23rd Bealtaine
8 pm
Smock Alley Theatre (Boys School)
Ticéid 8€/10€ 

 

CEARDLANN GREANNÁN LE AIDAN COURTNEY


Is é Aidan Courtney atá laistiar den ghreannán Gaeilge RíRá. An misean aige: greannáin Ghaeilge a chur ar fáil le healaíontóirí den chéad scoth. Tá RíRá faoi anáil na ngreannán seanbhunaithe The Beano agus The Dandy chomh maith le cnuasaigh Eorpacha ar nós Spirou. Tá RíRá lan de rírá, gan amhras, gan trácht ar ruaille buaille, é lán de ghreann is de shamhlaíocht agus ní nach ionadh is aoibhinn le páistí é. Léireoidh Aidan do rannpháirtithe na ceardlainne seo conas greannán a scríobh agus a mhaisiú agus beidh béim ar conas scéal a insint. Tionscadal speisialta de chuid IMRAM. Cuir áit in áirithint go luath!



Máirt 20 Bealtaine 10:30 - 12:00
The Ark