Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-07-08

Brian Óg

Spreag an mír seo leis an Léirmheastóir Aineolach mé le dul sa tóir ar an saothar seo le Pádraic Ó Conaire nach raibh léite cheana agam. 

Chuaigh mé i muinín BorrowBooks mar sin (ós rud é go bhfuil an leabhar as cló) agus tháinig chugam ó carcair éigin i leabharlann Liatroma cóip den leabhar san seanchló. Cé gurbh an Comhlucht Oideachais a d'fhoilsigh níl léaráidí ná foclóir san leagan a fuair mise - is ar líne a d'aimsigh mé an léaráid thall. Níl dáta foilsithe ar an leabhar, ach tá an cuma ar go raibh sé ag scoláire éigin sular bhfuair an leabharlann é - tá línte faoi focail áirithe agus gluaiseanna. Tá an bileog iasachtaí fós gan smál - n'fheadar an mór bliain a bhí an leabhar a luí ar seilf gan léamh!
Scéilín gaisceoireachta ann, lonnaithe in am Cogadh an Dá Rí, agus ról ag Séamas a' Chaca féin ann.

Ag tús an leabhair tá Brian Óg an teidil ina ábhar sagairt i Lisboa ach fonn láidir air - agus cuid mhór dá chomhábhair sagairt freisin - dul le saighdiúireacht agus a gcion a dhéanamh ar son na hÉireann ar an mblár catha seachas sa chrannóg.

Scéal éadrom do ghasúir scoile atá ann, eachtraíocht sách áiféiseach ach taitneamhach. Tosaíonn sé amach sochreidte go leor agus é á sheoladh abhaile - de bharr páirt i gcomhraic dar leis, ach dáiríre cionn is go bhfuil a athair tinn. Ach téann an scéal chun áibhéile agus é sa bhaile in Éirinn áit a mheallann bé é le héalú léi ón páirtí atá ceaptha ag athair agus Rí di. Tá casadh agus lúba dochreidte san cuid seo, agus noda do scéal níos leithne nach dtagann aon forbairt orthu.

Más buan mo chuimhne dúirt Ó Conaire féin ná raibh tíoránaigh níos measa a bheith ag scríobh dó ná gasúir scoile - is ar mhaithe le pinginí a scríobh sé na leabhair seachas le fonn.
Mar sin féin bhain mé sult as agus d'alp siar d'aon iarracht amháin. Ach b'fhearr liom a chuid gearrscéalta nó fiú Fearfeasa Mac Feasa - leabhar seoigh (atá i gcló arís ag Leabhar Breac!) - ná an ceann seo.