Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-07-02

Port na Farraige Goirt

Ní léitheoir mór úrscéalta grafaice mé, ach tá spéis ag mac liom i Manga agus thug sin leithscéal dom an leabhar seo ó Leabhar Breac a cheannach. Agus é ceannaithe, rinne mé é a léamh, dar ndóigh!
Maidir leis an laoch Corto Maltese agus a údar Hugo Pratt, tá alt spéisiúil ag Panu ar An Tuairisceoir. Don té atá fiosrach, tá breis eolais i gcartlann Hugo Pratt.
Maidir liom féin, nílim iomlán cinnte. Is eachtraí laistigh de fhráma a chuirtear inár láthair - bhraith mé féin go raibh bearna sa phlota. Mar sin féin gaisceoireacht pléisiúrtha atá ann, bithiúnaigh agus laochra, mistéir, corr agus casadh, bruinneall dathúil (ar ndóigh), bundúchasaigh glice i dtiúin leis an muir, polaitíocht na cruinne ar thairseach cogaidh,  agus araile.
Is dóigh liom go mbeadh fonn orm an chéad gála eile a léamh freisin.
Is maith liom an méid atá ar bun ag Leabhar Breac; tá's ag an saol go bhfuil poll ann i leabhair Ghaeilge idir na cinn do leanaí agus na cinn do dhaoine fásta a bhfuil frídín an léamh liteartha tolgtha acu cheana. Táim dóchasach go bhfuil Leabhar Breac ag tús cadhnaíochta ag líonadh an phoill sin le hábhar a chuideoidh breis léitheoirí Gaeilge a earcú. Treise leo!


Port na Farraige Goirt
Hugo Pratt
€12.00 (bog), 256 lch;
ISBN 0 898331 02 0