Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-08-19

Dráma ó Chorca Dhuibhne i mBaile Átha Cliath

Malachaí Mac Amhlaoibh, Áine Ní Mhuircheartaigh
agus Muiris Ó Fiannachta. Grianghraf le Gearóid Casey.

MISE, SUBHÓ AGUS MACCÓ


Daoine ar an imeall! Teanga ar an imeall! Dráma ar an imeall!

Beidh dráma aon-ghnímh leis an bhfile agus drámadóir clúiteach Biddy Jenkinson don teideal Mise, Subhó agus Maccó á léiriú sa New Theatre, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ar an 25ú/26ú/27ú de Mheán Fómhair ag 7:30i.n. Is iad Aisteoirí An Lab, lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne, atá á léiriú. Cé gur scéal tragóideach é seo faoi thriúr a mhaireann ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath, tá greann fite fuaite tríd, chomh maith le hábhar machnaimh.

Léiríodh an dráma in Amharclann An Lab ag tús na bliana agus bhí sé le feiscint i rith an tsamhraidh de bharr an éilimh a bhí air. Caitheann an dráma súil ghéar ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine gan dídean.  Níl éalú acu ón gcruatan ach isteach i réimse na samhlaíochta agus na miotaseolaíochta.  In ainneoin na constaicí agus na n-údarás, deineann siad gach iarracht aire a thabhairt dá chéile agus léiríonn siad meas nach beag don nádúr i lár na cathrach.

Dúirt Stiúrthóir Aisteoirí An Lab, Áine Moynihan faoin turas go Baile Átha Cliath: 
“Tá dian-obair curtha isteach ag foireann an dráma seo chun caighdeán ard léirithe a bhaint amach agus cé nach bhfuilimid mar chuid oifigiúil den bhFéile Drámaíochta is mian linn ár gcuid a dhéanamh chun cur le drámaíocht na Gaeilge sa chathair le linn na Féile. Tá ábhar an dráma seo tráthúil mar gheall ar an ngéarchéim a bhaineann le heaspa dídine na laethanta seo, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus ba mhaith linn cabhrú chun áird a tharraingt ar an bhfulaingt a bhaineann leis.”

Beidh ticéidí ar fáil ag  01 6703361 nó ag an doras ar €12/10.

Amharclann agus Ionad Ealaíon na Gaeilge sa Daingean, Co. Chiarraí is ea An Lab.


Breis Eolais:
Áine Moynihan
Stiúrthóir Ealaíne,
An Lab, An Daingean, Co. Chiarraí
087-8546572
www.anlab.ie
www.facebook.com/LabAnDaingin