Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-08-02

Lagshiúleach leithscéalach

Aireagail Gallarus
Chaith muid an ghnáth-coicís thiar in Iarthar Duibhneach le déanaí. Go hiondúil bíonn deis agam Cnoc Bréanainn a dhreapadh. I mbliana bhí fúm siúl ó Clochán Bhréanainn aduaidh go dtí an Baile Breac. Ach nuair a bhí uain agam siúl ní raibh an síon oiriúnach - ceo agus ceobhrán.
Níor éirigh liom ach dhá dreas siúlóide a dhéanamh - Cosán na Naomh ó Ceann Trá babhta amháin, agus ansin thart ar chuan an Daingin chomh fada leis na Clocha Oghaim i mBaile an tSagairt.
Is ar bhóithre nó bóithríní glasa is mó atá Cosán na Naomh, agus ní sin an siúl is ansa liom.
Ach tá sé de bhuntáiste ag siúl mar seo gur beag an baol ón aimsir! Tá roinnt ionad seandálaíochta fán mbealach, Gallarus agus Cill Maoilchéadair ina measc.

Capaill agus Caisleán Gallarus as chúlra
Cloch oghaim Cill Maoilchéadair
Eaglais Cill Maoilchéadair
Cearc Breac
Bíonn bláthanna fiáine le feiceáil go fairsing agus iad faoi bhláth an tráth seo den mbliain. Ar an mbóithrín glas idir an Leataoibh Beag agus an Leataoibh Meánach bhíomar ag siúil idir sceacha fiúise agus dord na mbeach (agus feithidí eile a chuir as do mo mhac) le clos go láidir. Bhí tús an ghiota seo ian dhraoib ar fad, ach ós gá do feirmeoirí a gcuid fearais a thabhairt go dtí na goirt, níl fhios agam an bhfuil réiteach ar sin.
Idir Cill Maoilchéadair agus Corr Áille trasnaíonn an chosáin Rinn Chonaill. Bhí magairlíní le feiceáil go flúirseach ansin. Siúlóid thaitneamhach atá ann, agus marcáilte go maith.