Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-04-05

Bratach na gCnámh

B'é Éalú as Páras a roghnaigh mé mar leabhar le bronnadh ar m'iníon do Leabhra Feabhra i mbliana. An céad leabhar de sraith Bratach na gCnámh le hAlain Surget. Thaitin an leabhar thar barr le'm iníon - go deimhin léigh sí codanna de as a stuaim féin cé go mbíonn an ghnáth drogall uirthi leabhar a léamh nach don obair bhaile é.
"Spannend" atá an scéal, dar léi: spreagúil, lán teannais - (scaití is fearr a fheileann focal Gearmánach!)
Sé leabhar atá foilsithe as Gaeilge go dtí seo - chuir mé fios ar an gcúig leabhar eile ó Leabhar Breac agus tá muid ag treabhadh tríothu ó shin. 
Beirt dílleachta iad Louise Bheag agus Benjamin atá fágtha san dílleachtlann i bPáras nuair a éagann a máthair. Táthar ag iarraidh ábhar saighdiúra a dhéanamh as Benjamin, agus bean fuála as Louise Bheag - ach sin rudaí nach luíonn le meon ceachtar acu! Tá Louise Bheag fiáin agus trodach; tá Benjamin ciúin agus staidéarach.
Tá fhios acu go bhfuil a n-athair amuigh áit éigin; mairnéalach dar leo. Beartaíonn siad ar teitheadh i dtreo dul faoi na gréine. Éiríonn leo, agus baineann siad an cósta amach. Ach ansin titeann siad i lámha drong foghlaithe mara, agus foghlaimíonn siad gur foghlaí mór le rá athair s'acu - an Captaen Roc.
Is iomaí corr agus craiceann a chuireann a scéal eachtrúil de uaidh sin amach. Tá na caibidil gairid agus go deimhin lán teannais - an feiliúnach chun gasúir atá ag tosú amach a léamh a spreagadh, nó go deimhin mar a chleachtann muid, scéal roimh am luí.
Cuireann léaráidí Annette Marnat go mór leis an scéal; leathanaigh agus clúdach maisithe go breá agus beocht bhreise curtha sna carachtar - pearóid glórach glic Dún do Ghob! san áireamh.
Tá focail nua foghlamtha agam ó thiontú ealaíonta Darach Ó Scolaí agus táim ag súil go mór go mbeidh gála eile ann - feicim go bhfuil ar a laghad deich leabhair foilsithe as Fraincis!

Molaim an sraith, dar craiceann an diabhal ....