Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-05-02

Foghlaeireacht focail, Domhnach is Dálach....

Dá mhéad a léim as Gaeilge (agus léim go leor) sea is mó a thuigim go bhfuil bearnaí suntasacha i'm fhoclóir agus go bhfuil an dúrud focal bhreátha imithe as an gcaint coiteann.


Bhí mé riamh tugtha do póirseáil i bhfoclóirí, ag fiosrú gaol is sanas focail. Tá Dinneen ar mo leabhragán i bhfochair FGB agus de Bhaldraithe; tá leithéidí An Béal Beo ann freisin, maraon le Troscán na mBánta agus scata leabhair eile faoin ndúlra. Tá roinnt foclóir Gearmáinise agus ilteangacha agam freisin.

Ach ó thaobh foghlaeireacht focail is deacair an idirlíon a shárú; go háirithe agus togra fearacht http://www.teanglann.ie curtha i gcrích go snasta; is nasc geall leis gach focal, mar sin tá sé thar a bheith éasca focal Béarla a roghnú agus na comhchiallaigh Gaeilge dó a aimsiú, ag dul siar is aniar idir FGB agus de Bhaldraithe.

Tá súil agam go dtiocfaidh scríbhneoirí agus aistritheoirí i dtír ar an cumas seo; bealach a bhí Breandán Ó Doibhlin ag iarraidh réiteach le Gaoth an Fhocail. Tá teacht freisin ar na nathanna sna foclóirí freisin, saibhreas a rinne Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chnuasach i nDíolaim d'Abairtí Dúchasacha.

Tá deis againn i ré seo na Dána Digiteacha agus sean leabhar á chuir ar líne diaidh ar ndiaidh cuid den saibhreas atá imithe as ár gcaint - go háirithe do mo leithéidí de chainteoirí athdhúchais - a athshealbú.  Tapaímis an deis!