Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-07-21

Scéalta scéine spraíúla

Ceithre chinn de leabhar (go dtí seo) aistrithe ó sraith Bhéarla Andrew Fusek Peters atá curtha ar fáil anois ag Cló Iar-Chonnacht. Scéalta bleachtaireachta ina bhfuil gné osnádúrtha iad - conriocht, taibhsí, vaimpír! Duine de na bleachtairí óga - Ben, buachaill óg - an reacaire agus tá cailín - Sam - mar leathbhádóir aige. Tá an reacaireacht deas éadrom agus tá na haistriúcháin ag Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra glan, cuanna.
Ní raibh deis fós agam féachaint an léifidh m'iníon iad - tá sí as baile arís - ach ní dóigh liom go mbeidh dua ag aon léitheoir óg leo agus táim cinnte go mbainfidh siad spraoi as. Cailín láidir í Sam, taitníonn sin liom. Feileann an amhras féin muiníne a chlóinn sé féin don reacaire Ben agus cuireann leis an ngreann atá ina orlaí tríd na scéalta. Thart ar 50 leathanach atá i ngach ceann de na leabhrán, d'fheadfaí iad a léamh gan stró in aon suí amháin shamhlóinn. Pléitear ar bealach éadrom sna scéalta freisin le tromaíocht, le péacadh an ghrá, le héad is formad - ach is i ngan fhios beagnach a déantar sin. Rud atá thar a bheith éifeachtach measaim.

Tá léaráidí gleoite le Cathy Brett ag dul leis na leabhair.

Lámh Mharbh Abú!

Nuair a chloiseann na bleachtairí óga Ben agus Sam cnag ar an doras, céard a bheadh rompu ach lámh cnámharlaigh agus é sa tóir ar a chorp! Mistéir, dainséar agus cnámha ar iarraidh.

Mac Tíre... Dáiríre!

Tá madra éalaithe agus na bleachtairí óga Ben agus Sam sna sála air. Oíche amháin feiceann siad mullach fionnaidh agus fiacla móra sa dorchadas. Ní haon mhadra atá rompu!

Taibhse an Dá Thaobh

Cás eile do na bleachtairí óga Ben agus Sam. Tá  taibhse sa mhuileann ach ní gnáth-thaibhse é seo, tá sé gearrtha ina dhá leith! Cé hé féin agus céard a tharla dó?

Brú Fola

Tá na bleachtairí óga Ben agus Sam ar ais agus iad sa tóir ar vaimpírí! Lena héadan geal agus beola dearga, tarraingíonn an cailín nua, Vladya Dortafola, aird gach duine ar scoil. Ach tá rud éigin aisteach fúithi...