Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-11-07

Éabhlóid an Phrionsa Bhig

Tá ionad bhuan ag saothar seo Saint-Exupéry i gcanóin na leabhair a bhfuil daoine thar a bheith ceanúil orthu. Ar an gcéad amharc, leabhar do pháistí atá ann: ach tá sé i measc an cnuasach leabhar úd atá feiliúnach dáiríre do leabharbhách ar bith. Mar a dúirt C.S. Lewis san tiomantas do "An Leon, An Bandraoi agus an Prios Éadaigh" tagann an lá nuair atá duine sách críonna le bheith ag léamh scéalta sí arís. 
Scéal sí de chineál atá anseo. Cinnte, tá noda láidre ann mar a luaigh Dennis, gur "Roman à clef" atá ann, léargas ar shaol an údar. Ach is féidir a bheith dall orthu sin (mar atá mise d'aon uaim go fóilleach) agus tairbhe a bhaint as.
Scéal atá ann atá an oiriúnach le léamh ós ard. Tá an leagan seo atá déanta ag Eoghan Mac Ghiolla Bhríde ina chanúint dhúchais Conallach thar a bheith fóirsteanach don léamh ós ard. Ní mór dom admháil go bhfuil focail ann nach bhfuil cleachtadh agamsa orthu, agus a bhainfidh tuisle as mo theanga agus mé á léamh ós ard. Ina choinne sin tá nathanna agus cainteanna áille ann, cuannacht sa Ghaeilge ar aon dul le cuannacht Saint-Exupéry sa bhun Fraincis. Is fíor go ndearna Breandán Ó Doibhlin leagan den leabhar tamaill siar; ach tá de bhua san eagrán seo go bhfuil na léaráidí daite, agus an leabhar maisiúil.

Gabhann muid i bhfad scéal le ceist na canúintí abhus, nuair is ea fírinne an scéil go bhfuil cainteoir líofa de chanúint ar bith in ann dul i ngleic leis na canúintí uile. Is mó go mór na difríochtaí idir canúintí na Gearmáinise, abair. Ach cuirtear litríocht i gcló iontu ar fad, go háirithe sa mhéid a bhaineann le caint agus comhrá.

Fáiltím roimh an saibhreas cainte san leagan seo, ainneoin an streachailt a bhí i gceist dom é léamh.

Tá an leabhar le ceannach ón suíomh anseo: Táim buíoch d'Eoghan a bhronn cóip orm.

Is leis an chroí amháin a tchíthear i gceart.