Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-12-10

Aois Fir: Imram Mara agus Eachtra teacht in Inmhe

Seod is ea an úrscéal seo, curtha inár láthair i  seod de leabhar le léaráidí áille. (Níl an leabhar le lámh agus mé a scríobh seo, mar sin ní thig liom an t-aitheantas cuí a thabhairt don ealaíontóir)

Baineann an scéal le teacht in inmhe fir óig, ar aistear dúshlánach mara. A sruth chomhfheasa siúd atá san reacaireacht, rud a thugann scóip don údar roinnt gnéithe den saol a chíoradh.

Oscailt pléascach atá san leabhar; an aosánach ag halmadóir an bháid, imníoch. Diaidh ar ndiaidh tuigeann muid nach bhfuil sé ar a shuaimhneas, nach aistear atá anseo go bhfuil taithí aige ar a bheith ag láimhséail bád uirthi. Agus tá an aimsir ag dul chun doinnine.

A athair agus a uncail, atá ceaptha a bheith i bhfeighil an bháid, táid ina pleisteanna san holt tar éis babhta ragairne an talamh a lean ar aghaidh ar boird.

Tríd smaointe an bhuachalla léirítear dúinn cúinsí a shaol. Gur cliamhain isteach an athair, nár ghlac an seanathair leis, agus a bhfuil achrann idir é agus máthair an bhuachalla. Ól foinse áirithe san achrann.  Inneall costasach nua sa bhád; fiacha le glanadh.

Cé gur finscéal atá anseo de réir an údar, tá go leor de réalaíoch; cé is moite d'eachtra amháin nuair a thagann speabhraídí de bharr tuirse agus fuacht ar an ngasúr agus go samhlaíonn sé é féin sáite in eachtra le fathach, Cioclóps na Gréige, b'fhéidir, nó b'fhéidir ainspiorad na mara a bhfuil sé i ngleic leis anois san fíor saol.

Tá teannas san insint agus is i dhá seal craosach léitheoireachta a léigh mé an leabhar seo. Tig le Ó Muirthile bheith scaoilte, agus an scéal a dhul ó smacht uaidh agus é ar thóir idé éigin (mar a tharla dar liom i ndeireadh An Colm Bán) ach níl a dhath de sin anseo. 

Bheadh an leabhar seo feiliúnach d'aosánach ach cumas maith Gaeilge a bheith aige nó aici; tá scéal maith ann, agus lón machnaimh faoi teacht in inmhe agus an gaol casta idir baill teaghlaigh. Tionchar an óil leis, gan amhras. 

Ní fear mara mé, agus tá an muir fite fuaite leis an scéal seo, agus seoltóireacht agus bádóireacht. Cuma an chruinnis air, gan mé a bheith in ann breith ceart a thabhairt air. 

Níl ach clamhsán amháin agam faoin leabhar; sin an gluais GA-EN atá curtha leis. Cinnte, tá focail ann nach mbeadh le fáil go héasca sa bhfoclóir, mar gur téarmaí bádóireachta iad. Ach cén mhaith rá liom gur "sheet" "siota" abair, seachas rá liom gur rópa nó slabhra atá ann leis an seol a stiúradh. Is mór an feall nár tapaíodh an deis anseo na focail seo a mhíniú le léaráid.

Táim sásta gur ghéill mé don gcathú agus gur cheannaigh mé an leabhar seo.

Liam Ó Muirthile
Aois Fir
Cló: ISBN: 978-1-907494-50-5
Kindle (Amazon): 
ePub (KoBo)
Closleabhar (Saor in aisce ar Soundcloud, léite ag an údar)