Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-01-02

An Cúigear Cróga gaelaithe ag an Dís Dásachtach

Is beag léitheoir óg le Béarla nach bhfuil sciar éigin de shaothar Enid (nó Gnid mar a shíl mise a bhí uirthi)  Blyton léite acu mar chuid dá bprintíseacht sa léitheoireacht. Ba gheal le monarchan í, ag foilsiú léi ar feadh na blianta. Uasmheánaicme slán Sasain a laochra, ar ndóigh, ainneoin gach priacal a bhaineann leo iad i ndomhan lán saoirse ach mar sin féin sábháilte ag deireadh an lae. Sin áfach meon chriticiúil an duine fásta; ní fheiceann an léitheoir óg ach eachtraí taitneamhacha. Éalú ó leimhe an tsaoil.

Níl a dóthain den ábhar sin ann sa Ghaeilge agus mar sin is maith an rud é go Cló Iar Chonnacht ag tabhairt faoi breis a chuir ar fáil tríd aistriúcháin. Ní hiad na húrscéalta atá á aistriú acu áfach ach gearrscéalta ó Bhliainirisí. 

Beirt a bhfuil scil acu sa teanga atá á n-aistriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra. Cainteoirí Gaeltachta, ach freisin beirt a bhíonn ag obair - mar iriseoirí - leis an nGaeilge. Tuismitheoirí iad beirt freisin, más buan mo chuimhne, agus ana thuiscint acu ar an friotail ceart do dhaoine óga. Leaganacha deasa nádúrtha atá anseo gan an chaint a bheith leanbaí. Léigh mé an ceithre leabhar seo le'm iníon (9), ní raibh stró ar bith aici leis na codanna a léigh sí féin. Mar sin féin d'fhoghlaim mé féin corr leagan nua, mar shampla go scairteann solas ó thóirse!

Eachtraí breá éadroime atá sna scéalta gairide seo - thart ar 70 lch. Eachtraí a d'fheadfadh na leanaí iad féin a shamhlú leo, capall ag éalú, mar shampla, nó seanbhean léi féin a thit i teach agus gan ar a cumas aird a tharraingt ar a cás.

Rud suntasach faoi na leabhair ná na léaráidí úra leo atá comhaimseartha ach deas, le hais na cinn a bhí smolchaite agus na leabhair á léamh agamsa beagnach dhá scór bliain ó shin!

Faoi láthair tá na leabhair ar fáil ar €5 ó Chló Iar Chonnacht. Bhí ceann ceannaithe agam féin le cuir i stoca Nollaig; seoladh breis cóipeanna léirmheastóireachta chugam. An ceithre leabhar thuas léite anois againn, gach seans go mbeidh mé ar cur fios ar roinnt eile - do Leabhra Feabhra, abair!

An Cúigear Cróga - Maith Sibh, A Chúigir Chróga
Enid Blyton, Máirín Ní Ghadhra,
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441340  

An Cúigear Cróga - Nollaig Shona a Chúigir
Enid Blyton, Gormfhlaith Ní Thuairisg
Tagairt: 9781784441357  

An Cúigear Cróga - Cúigear i bPonc
Enid Blyton, Gormfhlaith Ní Thuairisg
Tagairt: 9781784441326  

An Cúigear Cróga - Nuair a Lean Timmy an Cat
Enid Blyton, Máirín Ní Ghadhra
Tagairt: 9781784441333