Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-06-23

Tóraíocht taisce tairbheach

Tá taithí ag mo mháthair ar an Afraic - chaith sí seal san Zambia sular pósadh í - agus bhain sí an sásamh as Ó Chósta go Cósta. Cheannaigh mé Seal san Aetóip di dá bharr, agus é i gceist agam i gcónaí é a léamh mé féin, ach ní bhfuair mé deis go dtí anois.

"Sa Tóir ar Áirc an Chonartha" fotheideal an leabhar, agus cuireann Frank tús lena chuid reacaireachta thar cupán caife le Falasha (Giúdach ón Aetóip) i Iarúsailéim agsu é féin ar dualgas san cuid sin den domhan roinnt mhaith blianta ó shin; luaigh a chéile caife leis go raibh Áirc an Chonartha i dtaisce san Aetóip.

Bhí deis aige níos déanaí an nod sin a leanacht; agus tá cuir síos ar a fhánaíocht san leabhar seo. Tá i bhfad níos mó ann áfach. Tá cuir síos ann ar stair na hAetóipe agus a naomhsheanchas. Míniú ar an Áirc a bheith ann, bunaithe ar an gcaidreamh finscéalaíochta idir Banríon Sheabá agus Solamh. De réir an insint seo rinne Solamh an gníomh, ar a dtabharfaí "éigniú geandála" anois air, ar an mbanríon, agus d'fhág torrach le mac í. Tháinig an mac sin chuig a athair agus é fásta is chroch an Áirc abhaile leis ina dhiaidh sin le toil Dé agus Sholamh.

Léiríonn Frank urraim agus ómós do stair agus creideamh na tíre a bhfuil sé ar cuairt inti agus tugann ana chuir síos ar seoda ailtireachta an ríocht ársa seo atá fite fuaite le hIosrael agus leis an gCríostaíocht ag dul i bhfad siar. (Má luaigh sé eachtra Pilib d'éalaigh an tagairt uaim)

Tá a chuid ghrianghraif ag treisiú leis an insint; agus tá dhá intriacht ghrafach sa leabhar. Insíonn ceann acu scéal Solamh, Banríon Sheabá agus a mac. Insíonn an ceann eile scéal fionnachtain an chaifé.

Músclaíonn an insint meas, agus fonn taiscéaladh ionam.

Cuireann sé sméar mullaigh ar an insint le cuir síos ar cuairt agus eachtraí in Iarúsailéim, i mBeithil agus i Masada - le cuir síos chumhachtach ar conas a théann deasghnátha tairseacha saoil i bhfeidhm ar dhuine. 

Tá a thaithí fhada mar shaighdiúir, leis na Náisiúin Aontaithe, agus mar fánaí ar fad le feiceáil san insint tuisceanach seo.

Lón léitheoireachta, marana agus samhlaíochta.

Seal san Aetóip
Frank Reidy
Cló Iar-Chonnacht