Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-01-22

Cad d'imigh ar na mná?

Bhain mise céim amach san innealtóireacht leictreonach i 1990, agus táim ag plé le ríomhchlárú ó shin. Bhí thart ar deichniúr bean a thosaigh amach ar an gcéim innealtóireachta liom - as beagnach 300. Fuair mé post sa Ghearmáin díreach i ndiaidh an chéim agus bhí mé ann ar feadh deich mbliana. D'earcaigh an comhlacht naonúr ar fad as COBÁC agus COC - tairgeadh post do bheir ban, agus ghlac duine acu leis. Measaim áfach go raibh an Ghearmáin sách seobhaineach an uair úd maidir le mná i bpostanna teicniúla. Go deimhin dúradh liom amach le comhghleacaí (fireann) liom ag an agallamh san ollscoil, fear a raibh máchail siúl air nach bhfeadfaí a leithéidí, ná bean a earcú, mar nach nglacfadh na custaiméirí dáiríre leo.
Ní raibh bean ar bith i measc na thart ar fiche innealtóir sa rannóg - bean ab ea an rúnaí, agus bhí teicneoir mná amháin ann. Bhí innealtóir mná amháin ann i rannóg eile ach measaim nár glacadh ró dháiríre léi. (Ní raibh aon teagmháil ghairmiúil agam léi). Is cuimhin liom bean amháin a bheith ar an meitheal teicneoirí a bhí ag plé le traein fo-thalamh amháin a raibh mé ag obair air. (Rinne mé iontas de nárbh bac é sin ar a comhghleacaithe fireann pictiúr de mhná nochta a chrochadh sa bhoth coiteann oibre)   Fiú agus mé ag obair ar thogra idirnáisiúnta le comhlacht sa tSualann, ní cuimhin liom teagmháil gairmiúil a bheith agam le níos mó ná beirt ban ag aon am amháin.
Bhí rudaí rud beag difriúil nuair a d'fhill mé ar Éireann - bhí an foireann sa chuideachta ar oibrigh mé dó i dtosach óg agus níos mó mná ina measc. Bhí mé freagrach as duine nó beirt - agus bhí comhghleacaithe ban agus ar feadh seal saoiste mná agam. Ba mhionlach fós iad áfach. 
Táim páirteach i dtograí éagsúla idirnáisiúnta agus is annamh a fheicim ainm mná ar na cáipéisí theicniúla a bhíonn á léamh agam.
Ní gairm is ea an cineál innealtóireacht a mbímse ag plé leis a mbeadh baint ag neart colainne leis (nó ní bheinnse ag dul dó!)
Ada Lovelace (ó Wikimedia)
Tá íoróin ag baint le heaspa ban sa teicneolaíocht faisnéise. Tráth dá raibh, matamaiticeoir a bhí ag plé le réimse ar leith ríomhaireachta ab ea Computer (ríomhaire) agus go háirithe in aimsir an dara chogadh Domhanda nuair a rugadh an ríomhaireacht leictreonach, mná ab ea na ríomhairí sin - agus ba iad go hiondúil na céad ríomhchláraitheoirí de bhrí gur thuig siad na háireamh a bhí le déanamh. Fiú roimhe sin, agus Babbage ag cumadh a ríomhaire meicniúil, ba í an matamaiticeoir Ada Lovelace a rinne na cláir a cheapadh don ngléas.
Grace Hopper (ón lch seo)
Bhí saothar mná Bletchley Park faoi rún go dtí le déanaí, ach bhí mná i Meiriceá a raibh clú orthu sa ghairm - leithéidí Grace Hopper a bhí gníomhach leis an gcabhlach i Meiriceá. Rinne sise forbairt ar an dteanga ríomhaireachta COBOL, iarracht cód ríomhaireachta a dhéanamh níos soléite do dhaoine - agus teanga ina bhfuil mórchuid na cláir ríomhaireachta gnó d'ollríomhairí scríofa go dtí an lá atá inniu ann.
Deirtear nach raibh John Glenn sásta cos a leagan sa roicéad a raibh an chúrsa ríofa ag ríomhaire leictreonach go dtí gur dhearbhaigh Katherine Johnson a bhí i mbun na hoibre sin roimhe sin, go raibh an áireamh cruinn ceart. Bean Afracach Meiriceánach ab ea Johnson a sháraigh mórchuid constaicí le oideachas sa mhatamaitic a bhaint amach agus a raibh ard mheas ar a cuid saothar ag na fir thart uirthi, mar a léiríonn an scéal faoi Glenn.
Katherine Johnson
(ó NASA via Wikipedia)
Bean eile a bhí lárnach in iarrachtaí NASA ná Margaret Hamilton a bhí i gceannas ar an bogearraí treoshuíomh agus loingseoireachta a dearadh in MIT do Apollo.
Margaret Hamilton & bogearra Apollo
wikimedia)
Tá suim agam i stair mo ghairme, agus táim fiosrach faoin easpa ban ann. Ar ndóigh, tá na gnáth chúiseanna ann - bíonn sé deacair ag bean dul chun cinn i gcomhluadar fireann. Ach is léir go raibh mná ag tús cadhnaíochta.
Tháinig mé ar alt agus grafaic spéisiúil le déanaí a léirigh titim tobann i líon na mban ag dul do chéim sa ríomhaireacht i SAM. Thart ar lár na 1980í a tharla sin. San alt luaitear dhá chúis leis - an ríomhaire baile ag éirí coitianta, agus an margaíocht a rinneadh ar mar bhréagán dó bhuachaillí. Rud a d'fhág go raibh níos mó cleachtadh agus taithí acu ná ag cailíní. Agus an íomhá a chruthaigh scannáin agus cultúr coitianta den ríomhaireacht mar rud a mbíonn geocaigh aonaracha ríomhaireachta, fir mílítheacha óga aite ag dul do ina n-aonair i seomra dorcha.
Ach fearacht aon obair mhór, obair meithle atá in obair ríomhaireachta. Tá fírinne áirithe sna clíséanna faoi aonaráin ag obair ar cláir ríomhaireachta - ach go hiondúil, agus cinnte nuair is obair ghairmiúil atá i gceist, bíonn meitheal i gceist. Agus comhoibriú, agus cumarsáid. 
Ón alt
Is breá liom go bhfuil iarrachtaí ar bun dea shampla a thabhairt do mhná óga (ghlac m'iníon féin páirt i roinnt imeachtaí) ag leithéidí Coding Grace; an rud a chíonn an leanbh, níonn an leanbh. Tá tábhacht le sampla agus rólchuspa do dhaoine óga. Tá teicneolaíocht na faisnéise ag éirí níos tábhachtaí ná riamh - agus ós rud é gur as smaointe atá sé fite tá sé baolach go mbeadh an gairm i lámha dream chúng amháin. Fiú le dea-thoil, beidh rudaí nach dtuigfeadh siad faoi daoine atá éagsúil leo; agus beidh na córais lochtach dá réir. Agus faraor tá réimsí den ghairm ina bhfuil cultúr nimhneach fásta iontu de bharr fir óga bheith gafa i mbolgán d'fhir óga eile ar aon chultúr leo, agus an gcultúr sin tarcaisneach faoi mhná agus faoi éagsúlacht.
Is ar mhaith linn ar fad a bheadh athrú  - ach fearacht athrú cultúir ar bith beidh sé fadálach. Ní dóigh liom go n-athróidh mo thaithí oibre féin.