Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-01-06

Intleacht shaorga agus saothar an duine

Fearacht fuinneamh ó chomhleá fuar, táthar ag caint ar intleacht shaorga mar teicneolaíocht a bheidh uilíoch laistigh de deich mbliana le breis is caoga bliain anuas.

Tá an cuma air faoi láthair go bhfuil borradh faoi intleacht shaorga, agus an córas Watson de chuid IBM in úsáid chun obair intinne,  a bhíodh á dhéanamh ag daoine,  a dhéanamh.  Tá feabhas as cuimse freisin ar ríomhaistriúchán agus ar aithint agus sintéis gutha.

Torthaí iad seo ar an réabhlóid i dteicneolaíocht na faisnéise a lean scaipeadh an idirlíon. Réabhlóid a fhágann go bhfuil ollstórais sonraí ar fáil do na hollcomhlachtaí teicneolaíochta - Google, Amazon agus Facebook, ar féidir modhanna staitisticiúla agus ríomhfhoghlama a chuir i bhfeidhm orthu chun algartam agus gnásanna a fhorbairt agus a fheabhsú.

Inneall is ea ríomhaire, ach an bogearra ceart a bheith ar fáil, chun réiteach a cheap duine nó daoine a chuir ag obair ar sonraí. Déanann ríomhaire níos gaiste é ná mar is féidir le duine, agus tá ar chumas ríomhaire i bhfad níos mó gnéithe a chuir san áireamh ná mar is féidir le duine. Ní dhéanann ríomhaire botúin fánacha, ní éiríonn ríomhaire tuirseach, ná cantalach ná oibrithe. (Tarlaíonn na rudaí seo ar fad do ríomhchláraitheoirí áfach, agus bíonn tionchar aige sin ar a shaothair agus ar obair ríomhairí dá réir)

Ach an intleacht shaorga atá i gceist, nó méadú ar intleacht dhaonna, mar a mhéadaíonn sluasaid neart matáin duine?

Tá an bua faighte ag ríomhaire ar Ardmháistir fichille nó Go. Bhuaigh Watson an comórtas quiz Jeopardy traidhfil blianta ó shin. Ach dáiríre an rud atá ag tarlú sna cásanna sin, go bhfuil meitheal saineolaí agus innealtóir tagtha le chéile agus ag roinnt a gcuid eolais chun saoi aonair a chloí. Trí bhíthin ríomhaire, gan amhras. Agus tá an modh níos éifeachtaí ná mar a shamhlódh fiú na daoine is dlúithe atá ag baint leis.

Crácamas cuid mhór oibre intinne agus oifige. Agus ó thús na teicneolaíochta faisnéise tá leas á bhaint as chun an crácamas a laghdú.

(Fonóta sanasaíochta nó dhó:  duine ab ea an ríomhaire fadó, féach http://edil.qub.ac.uk/35311, agus tá an stair céanna ag baint le Computer an bhéarla. Mná ab ea computers NASA agus Bletchley Park, matamaiticeoirí a rinneadh ríomhchláraitheoirí daofa ar ball. Tá teanga ríomhaireachta ainmnithe as Ada Lovelace, a bhí ar an gcéad ríomhchláraitheoir, ag plé le inneall anailíseach Babbage. Agus tá COBOL, a chum an ceannródaí ríomhaireachta Grace Murray Hoppe, lárnach fós i gcúrsaí gnó. Ba computer ise freisin tráth dá raibh).

Go deimhin is do International Business Machines a sheasann IBM, ceann den mbeagán comhlacht atá fós linn ó Chlochaois na ríomhaireachta sa chéad seo chaite.

Mar sin, ó thús, bhí ríomhairí ag díbirt daoine as postanna, mar a bhí inneall rompu.

Ní fadhb teicneolaíochta atá ag eascairt as fairsingiú intleacht shaorga, ach fadhb geilleagrach agus polaitiúil.

Ainneoin forbairt gluaiseacht na bhfoinsí oscailte, atá mar dhlúthchuid d'fhorbairt an idirlíon agus a chuireann uirlisí agus teicneolaíochtaí teicneolaíocht faisnéise ar fáil ar bheagán costas, is ar bhonn tráchtála atá na forbairtí is mó ag tarlú.

Tríd leithéidí Facebook tá an mór phobal ag feidhmiú mar croitear dhigiteacha. Ag cuir sonraí ar fáil saor in aisce, as a bhfáisceann dreamanna eile brabach- ollmhór scaití.

Tá infheistíocht trom i dtrealamh agus saineolas de dhíth, ar ndóigh. Mar sin féin  is cúis imní go bhfuil an tairbhe ag dul don bheagán.

Ní léir cén tairbhe a bhainfear as an farasbarr táirgiúlachta, agus an rachaidh sé chun leasa an dreama atá díbeartha óna bpostanna ag na ríomhairí.

Ar an lámh eile, ritheann scéal liom faoi ceardchumannaí i monarcha Ford a bhí tar éis sraith róbat a chuir ar an líne tiomsaithe. Cé íocfas táillí do ceardchumainn anois? , arsa banaisteoir leis. Cé cheannóidh do chairr? a d'fhreagair sé!

Tá dúshlán ollmhór ann don oideachas agus oiliúint. Beidh áit ann i gcónaí don breithiúnas agus intleacht mothúchánach daonna. Is gá mar sin don gcóras oideachas a bheith ag cabhrú le daltaí na tréithe seo iontu a fhorbairt.

Caithfidh, ar mhaithe lena sláinte féin agus sláinte an phobail, gach duine a bheith páirteach go dearfach san saol.

Ní dóigh liom go mbeidh saol só ann do chách, agus na hinneall i mbun oibre. Sin Útóipe.

Tá an saol á athrú ag an dteicneolaíocht áfach agus is mithid don bpolaitíocht agus an oideachas teacht bord ar bhord leis na hathruithe sin.

Nó beidh thiar orainn ar fad!