Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-04-17

Ar strae sa Choill

Scríbhneoir turgnamhach é Liam Mac Cóil; ag baint feidhme as múnlaí, seánraí agus modhanna nua.

San leabhar An Choill chuir sé roimhe an cineál dréachta a foilseofaí san 16ú aois a chuir ar fáil - sé sin dá mbeadh leabhair i ngaeilge á fhoilsiú go forleathan.

Is dóigh liom gur éirigh leis. Ach bhí mé féin ag streachailt leis an leabhar. Tá meascán ann de Ghaeilge na linne seo, agus Gaeilge an ré úd. Tá sé déanta go healaíonta aige sa mhéid is go bhfuil ciall na bhfocail soiléir ón gcomhthéacs, agus is ar mhaithe le dearbhú seachas ciall a bhain mé feidhm as foclóir. Ach bíonn breis dua ag baint leis an léamh mar sin féin.

Baineann an scéal féin le ridire de chuid Rí Artúr, agus é ar fán le linn lorgaireacht an Soithigh Naofa. Tá aistriúcháin ar roinnt den litríocht úd, ó Cymru agus ón mór roinn, léite agam agus feictear dom go bhfuil an údar dílis go maith don nósmhaireacht. Dris chosáin eile sin, ar ndóigh, do mo leithéidí a bhíonn ag dréim le insint ina bhfuil tús, lár agus deireadh. Bíonn an léitheoir, maraon leis an Ridire fáin, ag fánaíocht sa choill agus amhrasach an bhfuil dul chun cinn nó faoiseamh i ndán dó.

Tharlódh go mbeadh breis adhmaid bainte agam as dá mba duine machnamhach fealsúnta mé.

Ach is ar thóir eachtra agus siamsaíocht a léim ficsean.

Is dóigh liom gur turgnamh fiúntach atá sa leabhar, ach nílim baileach cinnte an ann do na léitheoirí ar a bhfuil sé dírithe.

Tharlódh go mbainfidh mé tairbhe as i gceann scór bliain, ach mé bheith beo le cúnamh Dé.

Ní mór a rá, mar is dual do thairgí Leabhar Breac, gur seod ó thaobh páipéir, dearadh agus cló an leabhair; léaráidí ann agus cruth ar leith ar an leathanach ag sleachta áirithe.

An Choill
Liam Mac Cóil
€18.00
116 lch; clúdach crua;
ISBN 978 1 909907 69 0