Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-09-26

Arán bananaí

Tá sé de nós agam banana isló a ithe. Itheann daoine eile sa teaghlach iad freisin. Ach ní maith le héinne againn iad ach a éiríonn siad bog. Is deacair díreach an méid ceart bananaí a cheannach áfach, agus mar sin bíonn scaití roinnt atá ag iompú dubh againn. Tá col agam le bia a chuir amú, mar sin, sin fadhb.

Réiteach na faidhbe? Arán bananaí a dheánamh! Tá sé blasta, agus maireann thart ar seachtain (ach is gnách é bheith ite faoi sin).

Bhíodh im san oideas agam, ach lá amháin chuir mé san oigheann micreathoinne lena dhéanamh bog an t-im. Rinne mé dearmad air agus d'iompaigh an cáca amach ar a laghad chomh blasta gan é. Níor bhac mé le him ó shin.

Seo na comhábhair anois agam:
350 g plúr
250 g siúcra donn
Taespúnóg cruachta púdar bácála
Beagáinín noitmige
Trí ubh
Ceithre banana brúite go maith (bainim feidhm as gléas cumaiscthe)

Is féidir roinnt gallchnó briste a chuir tríd freisin.

Níl le déanamh ach an t-iomlán a mheascadh go maith agus é a bhácáil. Oigheann le fean atá againn agus go hiondúil is leor uair a chloig ag 180ºC.

Bainim feidhm as bior cocaireachta lena chinntiú, má thagann sé amach glan, tá an cáca réidh! (Braitheann sé ar líon is méid na bananaí!)

Blasta!