Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-09-22

Thatchers of the Acropolis: Seisiún Múscraí

Anocht Oíche Chultúir. Seachnaím sluaite go hiondúil, ach mheall ceolchoirm grúpa Mharcuis amach mé. Thapaigh mé an deis freastal ar rud nó dhó eile, ach is ar Seisiún Múscraí in Áras Uiscebhealaí Éireann a bhí mé dírithe. (Ionad atá rud beag imeallach cibé, ag Dug na Canálach Móire).

Bhí roinnt sean taifead de chuid Thatchers of the Acropolis cloiste agam, cionn is gur fhoilsigh Marcus iad roinnt blianta ó shin ar a bhlag.

Ach foireann nua a bhí i gceist, Marcus agus a mhac Naoise, Rónán agus a mhac siúd Sulán i mbun ceol is canadh, agus Naoise eile i mbun draíocht leictreach le píosaí réamh thaifeadta cainte is ceol.

Taibhe snasta a bhí i gceist, amhráin Cór Chúl Aodha pósta le filíocht de chuid Mharcuis agus file eile (Dónal Ó Liatháin má thug mé a ainm i gceart liom). Cros pailniú éifeachtach idir cantaireacht binn agus uirlisí idir leictreonach agus acustach. Bhain Rónán ceolta sí as harmonium lámh oibrithe, agus bhí cnaga láidre á mhealladh as drumaí, ina measc droma a raibh cuma bosca air - cajon.

Bhí draíocht leictreach i gceist freisin le Naoise ag ríomhaire glúine agus le réimse gléasanna.

Ba cumasc idir mairgní d'athair Rónáin agus ceiliúradh ar Mhúscraí a bhí i gceist.

A bhuí le Féile Imbolc taithím féin Músgraí uair sa bhliain agus éistim aifreann le Cór Chúl Aodha. Bhí an fhuaim suntasach sin ceaptha ag na hoirfidigh ach a gcasadh féin bainte as. Mhothaigh mé mé féin ardaithe siar ó dheas, chonaic na radhairc.

D'fhéadfainn an ceol a shamhlú mar thionlacan d'fhíseán den ceantar. Bhí sé éachtach.

Rinne siad é chuir i láthair faoi dhó, agus d'fhán mé don dara léiriú. Beidh súil in airde agam do bhreis uathu!

Go deimhin, idir eatarthu bhí léiriú damhsa ó Sibéal Davitt agus chuir sí daoine ag damhsa (shleamhnaigh mise amach, tá mo chosa amscaí!)

Chan Naoise Mharcuis amhrán (dá chuid féin?) a léirigh nach fada ón gcrann a thiteann an úll.

Togra le faire air!