Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-10-19

Léacht Uí Chadhain

Ar chrann an sár scoláire Máirín Nic Eoin a thit sé léacht Uí Chadhain a thabhairt i UCD anocht. Ní acadúlaí mé, ach fuair mé tairbhe as an tour de force de léacht a thug sí. Suirbhé chuimsitheach ar an taighde agus critic ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, na slata tomhais éagsúla a baineadh feidhm astu, na comparáidí agus tuiscintí. Spreagadh freisin (domsa ach go háirithe) dul i ngleic leis na bunsaothair arís. Léirigh sé na hiomairí criticí a bhfuil treabhadh fós le déanamh orthu, agus shamhlóinn go bhfuil scoláirí óga spreagtha aici le tabhairt faoi na hiomairí céanna.
Luaigh sí an borradh i spéis sa gCadhnach ón mbliain  cuimhneacháin i 2006,ach freisin tionchar na haistriúcháin Béarla de Cré na Cille, a réitigh an bealach d'fhoilsiú aistriúcháin eile - Gearmáinis, Ísiltíris agus Seicis. (Más buan mo chuimhne bhí aistriúchán Danmhairgis ann breis is scór bliain ó shin. Tá roinnt scéalta aistrithe freisin go Gearmáinis, An Eochair ina measc)

Luaigh sí tuiscintí an Chadhnaigh féin ar a shaothar a nocht sé i léachtanna, litreacha agus nótaí - tuiscintí atá fós le scagadh agus iniúchadh de bharr nach bhfuil an t-ábhar foilsithe.

Rinne RTÉ RnaG taifeadadh ar an léacht, mar sin beidh sé ar fáil do níos mó ná an slua (maith ainneoin na doininne) a bhí i láthair.

Táim cinnte go raibh comharbaí a diongbhála sa lucht éisteachta. Go raibh barr fairsing ar na síolta a chuir sí!