Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-10-20

Mis

Bhí féasta eile éigse romham anocht ag Áras Éigse Éireann. Mar chuid d'fhéile IMRAM, bhí Biddy Jenkinson ag reic sleachta as a dán fada, athinsint ar scéal Mhis agus a slánú ag Dubhrois ón mire a ghlac seilbh uirthi ar bás a hathair i gCath Fionntrá.

Bhí reacaireacht Biddy ceolmhar ann féin, ag tabhairt beocht ar leith dá focla. Ach maille sin bhí ceol giotár agus gutha ó Enda Reilly. Agus bhí léaráidí áille cruthaithe ag Margaret Lonergan.

Tá fuil agus ár sa scéal, lionndubh agus buile. Ach freisin gean agus grá. Macnas agus collaíocht. Áthas agus iontas. Brón agus sceoin.

D'oibrigh an triúr ealaíontóir as lámha a chéile chun an lucht féachana agus éisteachta a bhá sa scéal, muid a fhuadach ar aistear samhlaíochta.

Bhí ilghnéitheacht sa léiriú: thug mé suntas ar leith do na guthanna a bhronn Biddy ar na cailleacha agus deamhain. Do Saturn Goya agus tírdhreacha Sliabh Mis i measc íomhánna saibhre Margaret Lonergan. Don réimse idir goltraí agus geantraí a d'fháisc Enda Reilly as guth agus giotár.

Féasta éigse!