Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-12-13

Amhrán Eibhreach


Bhrostaigh mé trasna lár na cathrach aréir ó seoladh Táin Bhó Cuailgne Leabhar Breac (scéal do mhír eile, nuair atá an leabhar léite agam) go dtí an IFI chun Song of Granite, scannán beathaisnéise Pat Collins ar Joe Éinniú a fheiceáil.

Theastaigh uaim é fheiceáil in ionad a dhiongbhála seachas fanacht ar an léiriú amach anseo ar TG4. Bhí tuairim agam (bunaithe i measc rudaí eile ar an scannán Silence) go mbeadh eachtra ar leith romham ós comhair scáileán airgead - agus bhí an ceart agam.

Scannán dubh agus bán ar leith; agus draíocht éigin á imirt le go mbeadh na carachtar géar soiléir agus an cúlra doiléir, mar a bheadh as fócas scaití. Ligtear do na hamhráin, seanchas agus na híomhánna an scéal a insint, agus is minic tost sa scannán - is fíor bheagán dialóg atá ann.

Muirníonn an cheamara tírdhreach agus muirdhreach Chonamara as ar fáisceadh Joe; feicimid Joe óg cúthail (Colm Seoighe) ag siúl agus ag tabhairt faoi deara, ag éisteacht go hairdeallach le hamhráin agus scéalta a mhuintir; agus an ómós a léiríonn lucht scoile agus cnuasach béaloideas dóibh.

Feicimid Joe ina fhear fásta (Micheál Ó Confhaola), aonarán corr i nGlaschú agus i Meiriceá; spleách ar postanna suaracha ainneoin a cháil mar fonnadóir. Léirítear a chaidreamh casta lena bhean agus an chlann a bhronn sí air i mbeagán radharc gan focal; feictear an streachailt idir grá agus mianach an fhánaí - a fuair an lámh in uachtar.

Radharc amháin a fhanfaidh liom ach go háirithe measaim; Joe ina gíománach ar bhloc árasán; ag seasamh ag an ndoras ina éide péacach móide láimhíní bána. Baineann de an láimhín is muirníonn ursain eibhreach an doras; ag dul soir ina smaointe chuig an mórchuid cloch agus gannchuid chré as ar eascair sé.

Is pearsa iontu féin carraigeacha Chonamara san insint seo.

Chímíd Joe ag druidim le deireadh saoil (Macdara Ó Fatharta), tnúthán an dúchais dá ghairm abhaile ainneoin aitheantas ó lucht acadúil i Meiriceá agus aos léinn ag sú a cheoil uaidh; é féin i ngalar na gcás mar go n-éilíonn siad maoithneachas na mbailéad Béarla atá bunoscionn leis na hamhráin atá gar dá chroí.

Idir eatarthu giotaí scannán faisnéise de Joe Heaney féin, é faoi agallamh ag Proinsias Mac Aonghusa nó ar stáitse. Eadarlúid cumhach ina chloistear glór a mhic tréigthe, nó gaol lena bhean tar éis a bhás ag tathant air tríd Liam Clancy filleadh abhaile.

Clabhsúr chumhachtach an scannán radharc samhlaithe fileata, sean Joe agus Joe óg ar dhá thaobh abhainn ag allagar faoi ghaois agus filíocht;

Duine casta, corr, uaigneach ach fial leis an saibhreas ceoil a bhí aige, a fáisceadh as seanchas ársa agus tírdhreach sceirdiúil.

Guth Eoghan Mhic Giolla Bhríde sa chúlra scaití ag reic ón seanchas céanna as ar fáisceadh foinn Joe.

Seod ealaíona. Má tá ag deis agaibh, tapaigh é - ar scáileán mór más féidir in aon chor.

(Agus tá fios curtha anois agam ar bheathaisnéis Liam Mhic Con Iomaire air)