Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-01-11

Cú na mBaskerville

Tá athchóiriú déanta ag Evertype ar roinnt de na scoth aistriúcháin a rinne An Gúm fadó.  Mar thoradh ar phlé ar Twitter ar na mallaibh chuir mé fios ón leabharlann ar leagan Nioclás Tóibín de shaothar chlúiteach Conan Doyle, Cú na mBaskerville.

Murab ionann agus cuid mhaith de na scéalta faoi Sherlock Holmes, úrscéal atá anseo. Mar is iondúil, ó dhearcadh comhghleacaí Holmes, Watson atá an reacaireacht - agus Holmes as radharc don gcuid is mó. Diaidh ar ndiaidh a scaoiltear an scéal chugainn, maraon le cúpla conair chaoch. Árd scéal atá ann.

I measc mion uaisle Sasana atá an imirt, lucht an County. Measaim gur aimsigh Tóibín an réimse ceart cainte leis an atmasféar ceart a chruthú.

Admhaím go raibh roinnt focail nach raibh agam - léiriú ar an tanú atá tagtha ar an nGaeilge ó shin, is dócha. Ach bhíodar neadaithe i comhthéacs a d'fhág gur d'fhonn brí a chinntiú seachas a fháil a bhí orm an Dálach a cheadú.

Is é Aibhistín Ó Duibh a rinne an leagan seo a choiriú.

Ní minic dom saothar atá léite agam sa bhunleagan a léamh in aistriúchán Gaeilge. Ach scéal den scoth atá anseo, (a raibh mionsonraí dearmadta agam sa chaoi go raibh teannas san athléamh).

Agus is maith an rud an Ghaeilge a aclú i suíomh nua mar a rinne Tóibín.