Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-01-12

Kíor Thuathail

Kíor Thuathail
Jean-Claude Izzo
€15.00
280 lch; clúdach bog;
ISBN 978-1-911363-40 8.

Is maith liom scéinséir maith. Scéinséir den scoth atá curtha ar fáil ag Bernadette Nic an tSaoir anseo dom, ós rud é nach mbeadh Fraincis diongbhála Izzo agam.

Scéal triúr de shliocht inimirce a tháinig in inmhe le chéile i Marseille, ag streachailt le cúngú saoil nuair a theip ar fhostaíocht. Beirt a chuaigh le drongadóireacht,  duine a rinne iarracht éalú tríd dul sna péas.

Tá duine acu marbh ag tús an scéil. An darna duine marbh i gcith piléir póilíní sar i bhfad, tar éis iarracht díoltas a bhaint amach as bású a chomrádaí.

Sruth comhfheasa an treas duine atá i mórchuid an úrscéil, an póilín ag iarraidh ciall a bhaint as na heachtraí. Agus as eachtraí eile a bhfuil cuma fánach orthu ach atá snaidhmthe sa bhréidín céanna as éagóir, coiriúlacht, drúis is drugaí.

Gabhann a smaointe siar is aniar, ag míniú caidreamh an triúr agus bean leo, Lole. Bean a bhfuilid triúr i ngrá léi.

Tá stair sóisialta ann, póilín pobail an reacaire, é ag iarracht a gceart a bhaint amach don nglúin is déanaí de shliocht inimirce - na hArabaigh.

Is féidir an ghrian a mhothú ar do chraiceann, an sáile a bhlaiseadh. Agus an biotáille, an miangas, an dóchas is éadóchas. Grá agus gruaim.

Scéinséir lán castaí is corr. Ladair éagsúla sa scéal. Coirpigh. Póilíní, idir díreach is cam. Tuismitheoirí díograiseacha ar loic an tír a ghlac iad orthu. Ógánaigh ag iarraidh saoirse is meas. Agus grá. Formad , drúis, saint. Iarrachtaí bheith ionraic i saol lofa.

Cloisim go bhfuil an dara gála ar na bacáin ag Bernadette. Táim ag tnúth leis.